Bhí Justin Broadrick sa bhanna Godflesh uair, ach ó 2003 ar aghaidh tá sé i mbun ceoil leis an mbanna Jesu.  Mar aon le Mark Kozelek.  Thosnaigh sé ag taifeadadh faoin ainm Sun Kil Moon sa bhliain 2002, tar éis na blianta a chaitheamh ag eisiúint ceirníní faoin bpeannainm Red House Painters.Anois, tá albam úr cumtha acu in éineacht, an dara uair le bliain anuas a chumadar albam le chéile. 

30 Seconds To The Decline Of Planet Earth an teideal air.  ‘Sé Justin a chum an ceoil is Mark a scrígh is a chanann na focail.  Seo buaicphointe an albaim,  amhrán mar gheall ar chaidreamh Mark lena athair is é ag machnamh ar cé chomh cosúil lena chéile is atáid:

"You called me once and you said you were feeling blue

And you asked me do I ever feel like that too

I said - yeah many shades of it since I was two"

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail, clár ceol nua ailtéarnach ó thimpeall na cruinne, i láthair idir 22:00 - 00:00 Luan - Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cian ar ríomhphost att@rte.ie nó @AnTaobhTuathail ar Twitter.