Beidh fáil ar ‘Tough Love’, an séú albam ón mbanna The Jimmy Cake ón ard-chathair ar lipéad Penske Chorcaí ar an 14ú Iúil.

Dhá rian atá le clos air, an peidhre acu breis is fiche nóiméad ar fhaid - Tough Love, cuid a h-Aon is cuid a Dó - a cumadh sa bhliain 2015 mar aon phíosa fada amháin do seó a chuireadar i láthair in ionad Joinery Bhleá Cliath, ionad ná maireann níos mó, faraor. Níl anseo ach blaiseadh do chuid a h-aon, ná scéitheann iontaisí uilig an phíosa - port a chomhnascann ceolta éagsula le chéile, cibé ceol aimbiach a shamhlófa le Aphex Twin nó A Silver Mt Zion, le gnéithe de cheol post-punk, ceol kosmiche na Gearmáine is fiú techno.

Beidh an chéad mhír do Tough Lough ina iomláine á chasadh agam ar an gclár tar éis na deireadh seachtaine.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail, clár ceol nua ailtéarnach ó thimpeall na cruinne, i láthair idir 22:00 - 00:00 Luan - Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cian ar ríomhphost att@rte.ie nó @AnTaobhTuathail ar Twitter.