Roimhe seo, bhí aithne ar an gCorcaíoch Kelly Doherty as na rianta séimhe, aimbiacha atá á cumadh aici, rianta atá le clos i gcónaí ar a leathanach Soundcloud. 

Tá lorg an cheoil aimbiaigh arís ar a singil is déanaí, ach anuas ar seo, cloisimíd nithe nua ag teacht chun cinn ina don gcéad uair.  Ar ‘Continue’, tá tús áite tugtha aici don ndord is do buillí freisin agus is aoibhinn liom mar a thiomáineann na rithimí an ceann seo. 

Dá mbeinn ag iarraidh comparáid a dhéanamh le ceolta eile, déarfainn go gcuireann an rian seo saothair leithídí Teebs is Daedelus ar lipéad Brainfeeder i gcuimhne dom.  Beidh sí ag casadh ag Féile Open Ear in Inis Earcáin, Co. Chorcaí an deireadh seachtaine seo.

Cian Ó Cíobháin.

Craoltar An Taobh Tuathail 22:00 - 00:00 Luan - Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cian ar ríomhphost att@rte.ie nó @AnTaobhTuathail ar Twitter.