A bhfuil romhainn ar Nollaig na mBan

Nuashonraithe / Dé Céadaoin, 3 Ean 2018 11:04

Cuireann Nollaig na mBan deireadh le séasúr na Nollag agus le cúpla bliain anuas, tá borradh faoin dtraidisiún a thug deis do mhná a scíth a ligean i ndiaidh bhrú na Nollag ar an 6 Eanáir.

Cuirfidh Bláthnaid Ní Chofaigh tús leis an lá speisialta le heagrán speisialta dá clár, Bláthnaid Libh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 11 le painéal speisialta don lá.

Bláthnaid Ní Chofaigh a chuirfidh clár speisialta ar siúl maidin Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Osclóidh Áras na Scríbhneoirí a dhoirse le hócáid liteartha  agus cheoil a reachtáil. I measc na n-aíonna, beidh Sinéad Gleeson, Grace Dyas agus Eilís Ní Dhuibhne.

Oireachtas na Gaeilge ag féachaint leis an lá a cheiliúradh i measc mhná na Gaeilge agus tá ócáidí cláraithe leo sna háiteanna seo a leanas;  Baile Átha Cliath, Gaillimh, An Spidéal, Ómaigh, Muineachán, Gaoth Dobhair, Béal Feirste, Dún Dealgán, Co. Lú,  Port Láirge agus i nDún Pádraig. Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Majella ag majella@antoireachtas.ie.

Mura n-éiríonn leat freastal ar ócáid lasmuigh den teach, craolfar Deargdhúil: Anatomy of Passion, clár faoin bhfile réabhlóideach Máire Mhac an tSaoi ar an Domhnach, 7 Eanáir ag 20.35 ar TG4.