Dún na nGall ar cheann de na contaethe is mó faoi mhíbhuntáiste

Nuashonraithe / Dé hAoine, 10 Samh 2017 11:48

Leibhéil arda dífhostaíochta i nDún na nGall

Tá Dún na nGall ar cheann de na contaetha is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír, de réir an innéacs úr atá foilsithe ag an ghrúpa POBAL.  

Tá ceantracha áirithe sa chontae ina bhfuil an pobal go mór faoi mhíbhuntáiste, mar shampla, i gceantracha Gaeltachta i nGaoth Dobhair, sna Rosa, sa Ghaeltacht Lár agus in Ard an Rátha.  

Cuireadh an t-innéacs le chéile le heolas ó Dhaonáireamh 2016. Bhí leibhéal dífhostaíochta de 20.2% i measc na bhfear sa chontae, agus 15.9% i measc na mban.  

Ar Oileán Árainn Mhór, atá aitheanta mar cheantar atá go mór faoi mhíbhuntáiste, tá 42.5% den phobal nach bhfuil ach oideachas bunscoile acu. Bhí leibhéal dífhostaíochta de 48.5% i measc fir an oileáin, agus 28.3% i measc na mban.  

I Mín an Chladaigh, ceantar eile atá go mór faoi mhíbhuntáiste bhí ráta dífhostaíochta de os cionn 50 % i measc fir agus mná.  Luadh an Ghaeltacht Lár agus an ceantar in aice leis an Dubhchoraidh mar cheantar atá buailte ag dífhostaíocht, tá os cionn 30% i measc fir agus mná.  

Táthar ag súil go mbainfidh an Roinn Oideachais úsáid as na stataisticí seo le scoilteanna a rangú faoi Scéim Deis agus ag na húdaráis sláinte le seirbhísí breise a sholáthar don phobal.