Comhlacht tréidlíochta i nDún na nGall ag bagairt bogadh go Doire

Nuashonraithe / Dé hAoine, 10 Samh 2017 11:46

An Bhreat-Imeacht agus easpa tréidlianna d'ainmhithe móra ag cur brú ar chleachtas mór i Leitir Ceanainn bogadh tras-teorainn go Doire

Tá an baol ann go mbeidh ar Chomhlacht mór Treidliachta atá lonnaithe i Leitir Ceanainn dúnadh agus athlonnú go Chontae Thír Eoghain.  

Dúirt Gerard Roarty ó Otharlann na nAinmhithe i Leitir Ceanainn, gur an Bhreat-Imeacht agus ganntanas tréidlianna a earcú, an dá chúis atá leis an chinneadh seo.  

Dúirt sé go bhfuil deacrachtaí móra acu tréidlianna a earcú a bhíonn ag obair le hainmhithe móra agus go bhfuil rialacha atá deacair a chomhlíonadh a gcur i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta sa tír seo.  

Dúirt sé go bhfuil sé níos fusa ag tréidlianna bheith ag obair sna 6 chontae áit nach bhfuil an oiread coinníollacha le comhlíonadh.

I measc na gcoinníollacha a dúirt Roarty atá éagsúil ar an dá thaobh den teorainn, dúirt sé go bhfuil cur i bhfeidhm na rialacháin as Baile Atha Cliath, via an tAontas Eorpach níos deacra agus níos mó maorlathais i gceist leo ná mar atá le rialacháin as Béal Feirste agus go gceaptar go n-éascóidh an cás tuilleadh i ndiaidh imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.