Aontas Eorpach ag glacadh treoir Breat-Imeachta na hÉireann

Nuashonraithe / Dé hAoine, 10 Samh 2017 10:20

Léiríonn cáipéiseí de chuid an Aontais Eorpaigh go bhfuil an AE ag glacadh treoir faoi Bhreat-Imeacht ó Rialtas na hÉireann

Léiríonn cáipéisí de chuid an Aontais Eorpach (AE) ná fuil aon dul as ach go gcaithfeadh na sé chondae fanacht sa mhargadh aonair agus san aontas custaim i ndiaidh imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, le gur féidir teorann ná fuil srianta déine ag baint léi a chur i bhfeidhm.

Sna cáipéisí atá feicthe ag Nuacht RTÉ, deirtear iontu go gcaithfear rialacha éagsúla a sheachaint ar an dá thaobh den dteorann idir an an Phoblacht agus an Bhreatain le gur féidir teorann gan srianta déine a chur i bhfeidhm.

Glactar i gcoitinne leis go bhfuil macalla ar pholasaí rialtas na tíre seo le cloisteáil sa mhéid atá i gcáipéisí an AE agus gur léir go bhfuil idirghabhálaí an AE, Michel Barnier ag glacadh comhairle ón rialtas anseo ar cheist na Breat-Imeachta.