'Botún ollmhór' a bhí i gceisteanna Halligan ag agallamh - Moran

Nuashonraithe / Dé hAoine, 10 Samh 2017 10:04

'Faoin Taoiseach agus Halligan í ceist éirí as' - An tAire Stáit Kevin 'Boxer' Moran

'Botún ollmhór' a thug an tAire Stáit in Oifig na nOibreacha Poiblí agus Faoiseamh Tuilte, Kevin 'Boxer' Moran ar raon ceisteanna an Aire Stáit John Halligan ag agallamh do rúnaí príobháideach. 

Ordaíodh do Roinn Rialtais cúiteamh €7,500 a íoc le bean i ndiaidh don Aire Halligan  í a cheistiú faona raibh sí pósta agus clann uirthi. 

Ghaibh an tAire Halligan, atá sa Téalainn ar ghnó rialtais, leithscéal ó shin agus dúirt nach mbeadh fadhb aige an tsuim cúiteamh a íoc as a phóca féin. 

Ag labhairt dó le RTÉ Raidió 1 ar maidin, ghaibh an tAire Moran leithscéal le clann na mná thar cheann an Rialtais agus ar son na Comhghuaillíochta Neamhspleach - ár rá dó nach raibh aon ghlacadh aige lena iompar ar an lá úd. 

Nuair a ceistíodh é ar cheap sé gur cóir don Aire Halligan éirí as, dúirt an tAire Moran gur chinneadh don dTaoiseach agus don Aire halligan é sin.