Súil le breith ón gCúirt Oibreachais ar Iarnród Éireann inniu

Nuashonraithe / Dé hAoine, 10 Samh 2017 09:33

Súil le breith na Cúirte Oibreachais inniu i gcás Iarnród Éireann

Ceaptar go dtabharfaidh an Chúírt Oibreachais breith níos déanaí inniu faoi chás an chomhlachta Iarnród Éireann agus an t-aighneas tionsclaíoch atá ar bun ann faoi chúrsaí pá. 

Bhí lucht bainistíochta agus ceardchumainn i láthair na héisteachta sa chúirt inné. 

Tá ardú pá 3.5% in aghaidh na bliana, idir seo agus 2020 á héileamh ag na ceardchumainn ar son na noibrithe. Tá ardú pá 1.75% tairgthe ag an mbainistíocht dóibh go dtí seo - tairiscint ar dhiúltaigh na ceardchumainn dó.