Port ón Taobh Tuathail: Mhysa- Spectrum

Nuashonraithe / Dé hAoine, 27 Dfómh 2017 09:17

Táim ag éisteacht le ‘Fantasii’, gearr-albam úr le Myhsa go minic le déanaí.  Myhsa is ea E.Jane, ealaíontóir ilmheánach bunaithe i Philadelphia atá sáite go paiseanta i gcúrsaí ceoil is ealaíne sa chathair.Seo pop-amhrán aduain gan chomparáid. 

Cloisimíd í ag canadh "Stay with me bae  / I wanna be naive  / The sky could be yellow  / I’ll believe those things". 

Mar bhonn leis an amhrán, tiomáintear an dord go cruaidh, leagtar anuas cnagadh trom is cuirtear glór na sintiséirí as a riocht.Éist leis an gceann seo ar na cluasáin.  Níl aon éalú ón macalla:l"I’ll believe those things / I’ll believe those things".



Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta