Port don deireadh seachtaine ón Taobh Tuathail ó Ariel Pink

Nuashonraithe / Dé hAoine, 20 Dfómh 2017 09:03

Dedicated To Bobby Jameson’ is ea an teideal ar an 11ú albam ó Ariel Pink Rosenberg ó L.A. agus seo an t-amhrán omóis a chum sé don amhránaí Bobby Jameson.

Bhí an spotsholas ar Bhobby ar feadh seal geall i rith na seascaidí nuair a thug a lipéad faoi fheachtas mór poiblíochta ag maíomh nach fada go mbeadh sé ina réalt mór le rá.  Ach níor éirigh leis a chosa a chur i dtaca sa domhan ceoil in aon chor agus cé gur thugtaí "Mayor Of Sunset Strip" air in L.A. as a bheith go mór in aghaidh chogaidh Vietnam, bhí saol uaigneach aige ina dhiaidh sin.  Idir a bheith tógtha leis an dí, is iarrachtaí ar é féin a mharú, d’imigh sé ó chuimhne. D’éag sé sa bhliain 2015.

Anois tá an spotsholas ar Bhobby arís, a bhuíochas le Ariel Pink, snag breac pop-cheoil na linne.  Fear é Ariel atá in ann mórán samplaí ceoil a thabhairt le chéile is pop-amhrán riméadach a nascadh astu.  Ar an iarracht seo, cloisim giotaí de cheol The Stranglers, The Doors, na Beach Boys is na Ramones fite fuaite le chéile.

Is níl aon dabht ach go bhfuil seo i measc curfánna na bliana:

"He was a Tinseltown tranny

And the mayor of the Sunset Strip,

A Tinseltown tranny

And the mayor of the Hollywood Hills"

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.