Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin fógartha

Nuashonraithe / Déardaoin, 12 Dfómh 2017 11:35

D’fhógair An tOireachtas an liosta saothar atá ainmnithe ar an nGearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin 2017.

Gradam Foilsitheoireachta é Gradam Uí Shúilleabháin a bhronntar ar fhoilsitheoir Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta gach ré bliain agus roghnaítear an buaic-shaothar de réir na gcritéar seo a leanas - fiúntas an ábhair; dearadh an leabhair; leagan amach an ábhair, idir théacs agus léaráidí ar na leathanaigh; caighdeán na clódóireachta; agus an chaoi a bhfreastalaíonn an foilseachán ar riachtanais léitheoireachta an phobail. 

Cuireann foilsitheoirí leabhar ó gach cearn den tír plúr a gcuid saothar foilsithe ar aghaidh le bheith san iomaíocht don ghradam seo. Sé (6) leabhar atá roghnaithe do ghearrliosta na bliana seo: 

I dTÍR MHILIS NA mBEO le Colm Ó Ceallacháin, foilsithe ag Cois Life - cnuasach gearrscéalta uirbeacha nua-aimseartha scríofa i nGaeilge bhinn na Mumhan.

ÉAGÓIR: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna le Seán Ó Cuirreáin, foilsithe ag Cois Life - insint líofa léir ar eachtra staire atá greanta fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí.

AN tIRISEOIR le Michelle Nic Pháidín, foilsithe ag Cois Life - scéal faoi fhoréigean baile, saol scriosta agus pósadh cliste.

CRÉ NA CILLE le Máirtín Ó Cadhain, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht - eagrán nua de cheann de na húrscéalta is tábhachtaí a tháinig amach as Éirinn sa fichiú haois.

CONAIRE MÓR SEACHT nDORAS NA CINNIÚNA le Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac - scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra.

CORP AN DUINE UASAIL le Pénélope Bagieu agus aistrithe ag Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac - scéal faoi ghrá agus uaillmhian, agus banlaoch as an gcoitiantacht.

Gradam Uí Shúilleabháin, 2017

Fógrófar buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin, chomh maith le buaiteoirí Chomórtais Liteartha ag ócáid speisialta ag Oireachtas na Samhna in Óstán Brehon, Dé Céadaoin, 1 Samhain 2017. Bronnfar duais €3,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a roghnófar do Ghradam Uí Shúilleabháin agus bronnfar €2,000 ar údar an tsaothair.

Bronnadh an duais ar Thadhg Mac Dhonnagáin sa bhliain 2015 as an leabhar Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal.