Where are you really from? Ceist fhéiniúlacht na hÉireann

Nuashonraithe / Dé Luain, 2 Dfómh 2017 12:23
Please view this article on rte.ie to see the featured video.

Nuair a bhris an scéal go mbeidh Ibrahim Halawa ag teacht abhaile, bhí faoiseamh in Éirinn. Deir muintir Halawa, áfach go gceistítear féiniúlacht an fhir óig go minic ar líne. Phléigh Bláthnaid Ní Chofaigh an cheist lena painéal ar an gclár Bláthnaid Libh, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Tá an-taithí ag duine den phainéal, Wuraola Majekodunmi leis an gceist 'carbh as duit?' agus ní hamháin sin ach nuair a fhreagraíonn Wuraola gur Éireannach í, cuireann daoine an cheist in athuair uirthi ag rá 'carbh as duit, dáiríre?'. Deir sí 'ní maith liom an cheist sin in aon chor, is ceist drochbhéasach í agus tá sí sách ciníoch chomh maith'

Labhair sí faoi na tuairimí a shíleann sí atá taobh thiar den cheist áirithe sin:

"An fáth go bhfuil daoine ag cur na ceiste sin ná nach bhfuil siad ag iarraidh glacadh leis go bhfuil tú as Éirinn....Más duine neamhgheal tú, ní ghlactar leat mar dhuine Éireannach. Tá daoine aineolacha amuigh ansin"

Rinne Wuraola cur síos ar na teachtaireachtaí maslacha a fhaigheann sí ar líne ach go háirithe faoin haischlib #iamirish. 

"Is fiú labhairt faoi na rudaí ann. Is fiú labhairt faoin gciníochas in Éirinn, tá sé ann."

Cheistigh Darragh Ó Conchúir an chúis a bhaineann leis an gciníochas in Éirinn, ach go háirithe mar gheall ar an gcúlra imirce atá ag Éireannaigh le blianta fada. Síleann sé go mbeadh a mhalairt fíor agus go mbeadh comhbhá againn le daoine nua ag teacht go hÉirinn. 

"Ag teacht ó Éireannaigh agus sinn ar fud an domhain, sin an rud a chuireann déistin ormsa. Ba cheart dúinn uilig a bheith tuisceanach faoi dhaoine ag dul ar imirce, mar tá an stair ann le blianta ar fud an domhain."

Craoltar Bláthnaid Libh maidin Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11 am agus 12 meánlae.