Port ón Taobh Tuathail: Yves Tumor - E. Eternal

Nuashonraithe / Dé hAoine, 29 Mfómh 2017 08:00

Tá Sean L. Bowie bunaithe i Turin na hIodáile agus bíonn sé ag eisiúint ceoil faoin ainm Yves Tumor. Cúpla seachtaine ó shin, gan aon scéal a fhógairt, d’eisigh sé albam nua de phreab saor-in-aisce ar an idirlíon. 

Experiencing The Deposit Of Faith an teideal ar an tsaothar seo agus is féidir greim a fháil air ag a leathanach Soundcloud.Seo an rian atá tar éis mo chluasa a chur ar bior.  Tá sé mar nós ag an gcumadóir seo a áird a tharraingt ar lúb gearr ceoil agus é a chasadh arís is arís eile go dtí go gcuireann sé mearbhall ar an éisteoir. 

Sa chás seo, méadaíonn éifeachtaí hiopnóiseacha an phoirt, nuair a thugann sé isteach fuaimeanna ná beadh as áit i rang do ghrúpa machnaimh: bíodh san siosarnach téip, tine ar lasadh nó cór ag canadh amhráin chráifeacha.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.