'Bíonn deacrachtaí agam seasamh siar ach tá mé ag foghlaim'

Nuashonraithe / Dé hAoine, 22 Mfómh 2017 15:26
Please view this article on rte.ie to see the featured video.

Tá 'Bláthnaid Libh' ar ais ar an aer, clár comhaimseartha a phléann leis an saol  ó sheachtain go seachtain óna 11 go dtí'na 12 maidin Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Labhrann Bláthnaid le Siún faoi na dúshláin a bhaineann leis an gclár agus an chaint a stiúradh!

Nuair nach bhfuil Bláthnaid buartha faoina gruaig a bheith istigh sa radharc ceamara, tá sí ag díriú ar chlár raidió a thugann painéal daoine le chéile le scéalta an tsaoil a phlé. 

Deir Bláthnaid nach bhfuil 'locht ar bith' aici ar séasúr na bliana seo caite ach go bhfuil sí ag súil le go mbeadh an clár i bhfad níos fearr i mbliana agus síleann sí go mbraitheann sin ar an bpainéal daoine a bhíonn os a comhair ó sheachtain go seachtain. 

'Níl ionamsa ach an duine atá ag déanamh an chumarsáid leis na daoine atá ar an gclár. Caithfidh mise an chaint a tharraingt astu agus é a chur amach'

Tá Sinéad Ní Uallacháin anois ag obair ar chlár Bhláthnaid ar 'mhír na meán', áit a mbailíonn sí na scéalta is mó cainte agus cáinte le linn na seachtaine agus tá sí ar bís tabhairt faoina ról úr ann. 

Mar dhuine a bhfuil tuairimí aici ar go leor ábhar a phléitear ar an gclár, deir Bláthnaid go mbíonn 'deacrachtaí' aici seasamh siar agus ligint don chaint tarlú ach go bhfuil sí ag foghlaim, de réir a chéile. 

'Tá mise i gcónaí i lár an phlé go príobháideach nó go proifisiúnta' 

Craoltar Bláthnaid Libh óna 11 go dtí'na 12 maidin Shathairn, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.