Port ón Taobh Tuathail: Augustus & John - Before I'm Gone

Nuashonraithe / Dé hAoine, 15 Mfómh 2017 10:43

Tá albam is asclán d’EP-anna eisithe ag Matteo Grassi is Mike Smalle, atá lonnaithe sa Ghaillimh agus ag cumadh ceoil in éineacht faoin ainm Augustus & John le roinnt blianta anuas.

 Tá trí rian nua-chumtha le clos ar a n-EP úr Faded Like Summer agus d’fhéadfainn áird a tharraingt ar aon cheann acu, cibé an príomh-amhrán, áit a chloistear glór an amhránaí Rokaia don gcéad uair ina dteannta, ar bhealach a thugann chun cuimhne an EP a thaifead Royksopp le Robyn roinnt blianta ó shin, nó ‘Donnafugata’, ná beadh as áit ar chatalóig ceoil lipéid Kompakt.

Ach luathfaidh mé an ceann seo.  Seo pop-amhrán leictreónach searbhmhilis, tiomáinte ag amhranaíocht leochailleach Mike Smalle.  Tá lorg an uaignis le clos ina ghlór, ach éiríonn le frascheoil disco a thagann chun cinn anseo is ansiúd a mheabhrú - dóibh siúd atá ag éisteacht is ag rince ar an aon uair -  go bhfillfidh an ghrian i ndiaidh na fearthainne.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.