Port ón Taobh Tuathail: Elma Orkestra - Mayday

Nuashonraithe / Dé hAoine, 8 Mfómh 2017 09:28

Tharraing Eoin O’ Callaghan, atá bunaithe i nDoire, áird ar féin ar dtúis mar amhránaí is cumadóir amhránaíochta leis an mbanna Best Boy Grip, a d’eisigh cúpla EP is albam le blianta beag anuas. Ach le gairid tá port nua á sheimnt ag Eoin is an gceol indie curtha ar leathtaobh aige.  

Anois, tá sé ag cumadh ceol gleoite aimbiach ná beadh as áit ar cheolthéama scannáin neamhspleach Eorpach éigin.

Cúpla mí ó shin chualamar an chéad blaiseadh dá shaothar nua, an rian Drive atá le clos ar sheimn-liosta an chnuasach is déanaí ón gclár seo (ATT Vol 8)  ar Spotify.  Thug sé Elma ar féin don gceann san ach cuireadh iachall ar a ainm a athrú ó shin, rud a fhágann go bhfuil sé ag tabhairt Elma Orkestra ar féin anois. Mayday an teideal ar a phort álainn úr, a bheidh le clos ar a fhadcheirnín Flutter, Part 1 amach anseo.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.