'Riail dhíreach nó toghchán eile' - Stát-Rúnaí an Tuaiscirt

Nuashonraithe / Dé Céadaoin, 12 Aib 2017 18:52

Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, James Brokenshire

Tá foláireamh tugtha ag Stát-Rúnaí an Tuaiscirt James Brokenshire go gcaithfear riail dhíreach ó Westminster a chur i bhfeidhm nó toghchán eile a ghairm mura n-éireoidh le páirtithe Stormont rialtas nua a bhunú faoi thús Bhealtaine. 

D'fhógair James Brokenshire go bhfuil an idirbheartaíocht pholaitiúil atá ar bun faoi láthair le cur ar athló go dtí tar éis na Cásca.

Tá beagnach sé seachtaine caite anois ó bhí an toghchán comhthionóil ann.

Deir ceannairí na bpáirtithe go bhfuil dul chun cinn reasúnta déanta ar roinnt ábhar. 

Tá na ceisteanna is conspóidí - maruithe le linn na dTrioblóidí agus ceist na Gaeilge - fós ina gcnámh spairne, áfach.