|
 |
| Sharon
|
An Grá
Faoi Ghlas – Imlíne
Programme 1 [Cúlra agus Áit Chónaithe]
Mír
a hAon
Darren,
Máirtín, Conor, Sorcha, Aingeal, Rita
Darren,
Máirtín, Conor, Sorcha, Aingeal and Rita are introduced.
Darren is a nice guy while Máirtín is a silent hunk from
Conamara. Conor is a sleazeball who gives the impression hes rich.
Sorcha is a beauty from Donegal, Dubliner Aingeal is somewhat desperate
and Rita is a vamp.
Darren shows an interest in Sorcha, who ignores him and fancies Máirtín.
But Rita also has her eye on him
Cuirtear
Darren, Máirtín, Conor, Sorcha, Aingeal agus Rita i láthair.
Is duine maith é Darren. Hunk tostach as Conamara é Máirtín.
Slíomadóir saibhir (más fíor) é Conor.
Tá Sorcha go hálainn ainnir ó Thír
Chonaill. Tá Aingeal beagáinín desperate. Is as
Baile Átha Cliath di. Vamp í Rita. Tá an-dúil
ag Darren i Sorcha ach níl aon spéis aici siúd
ann. Is maith léi an chuma atá ar Mháirtín.
Ach is maith le Rita Máirtín chomh maith
Programme
2 [An Teaghlach]
Mír
a Dó
Darren,
Máirtín, Conor, Sorcha, Aingeal, Rita
Máirtín
lets Sorcha know he likes her and that pleases her. Aingeal is interested
in Conor. The group play a memory game as a way of getting to know each
other better. Darren remembers everything about Sorcha but she remembers
nothing about him! Its the same story with Aingeal and Conor.
Sorcha can recall every detail about Máirtín and it is
obvious she is very keen on him. When she finds Máirtín
and Rita in flagrante delicto, she is shocked.
Tugann
Máirtín le fios do Shorcha go bhfuil spéis aige
inti, rud a thaitníonn léi. Tá suim ag Aingeal
i gConor. Bíonn cluiche cuimhne acu, le cabhrú leo aithne
a chur ar a chéile. Cuimhníonn Darren ar chuile shórt
a bhaineann le Sorcha ach ní chuimhníonn Sorcha ar thada
faoi Darren. Mar a chéile an scéal i gcás Aingeal
agus Conor.
Tá Sorcha in ann cuimhneamh ar chuile shórt a bhaineann
le Máirtín agus is léir go bhfuil sí ag
éirí ceanúil air. Nuair a thagann sí ar
Mháirtín agus Rita in flagrante delicto, tá uafás
uirthi.
Programme
3 [Ócáidí Sóisialta]
Mír
a Trí (vótáil)
Darren,
Máirtín, Conor, Sorcha, Aingeal, Rita
Its
time for the first round of votes and the first eviction. Conor tells
everybody its his thirty fifth birthday. Darren finds this odd
as Conor said he was thirty-six during the memory game.
When Sorcha rejects Conor, he turns his attentions to Aingeal, who is
flattered. They agree to meet later but then Aingeal finds Conor in
bed with Rita. She also finds his driving licence which shows that today
is not his birthday, that he is ten years older than he claims, and
that hes a truck driver, not a company director. When all this
becomes known, its no surprise that Conor is evicted!
Tá
na hiomaitheoirí ag réiteach don chéad bhabhta
vótála beidh duine éigin ag fágáil
an tí anocht. Breithlá Chonor atá ann. Tá
sé tríocha a cúig. Is aisteach le Darren é
seo, mar gur dhúirt Conor ag an gcluiche cuimhne inné
go raibh sé tríocha a sé.
Triaileann
Conor Sorcha ach níl mórán spéise aici ann.
Tá spéis Aingil i gConor ag méadú ar feadh
an ama. Nuair nach n-éiríonn le Conor Sorcha a mhealladh,
triaileann sé Aingeal. Tá Aingeal an-sásta leis
seo. Socraíonn siad ar chastáil le chéile ar ball
ach, roimhe sin, tagann Aingeal ar Chonor agus Rita ina luí le
chéile. Tagann Aingeal ar cheadúnas tiomána Chonor.
Faigheann sí amach ón eolas atá ar fáil
ann nach inniu a bhreithlá agus go bhfuil sé deich mbliana
níos sine ná mar atá tugtha le fios aige. Agus
ní bainisteoir comhlachta é, ach tiománaí
leoraí.
Cuirtear an ruaig ar Chonor sa vótáil!
Programme
4 [Caitheamh Aimsire]
Mír
a Ceathair (duine nua)
Darren,
Máirtín, Stiofán, Sorcha, Aingeal, Rita
New arrival
STIOFÁN is handsome and well-dressed and he rejects Ritas
advances! Aingeal likes him and they have an engaging conversation.
Darren is showing Sorcha how to play chess but she quickly gets bored.
Darren is disappointed and gets angry when Aingeal tells him to forget
about Sorcha.
Tagann Stiofán ar an bhfód. Tá sé dathúil,
dea-ghléasta. Léiríonn Rita spéis ann ach
diúltaíonn sé di. Is maith le hAingeal é
agus bíonn an-chomhrá acu le chéile. Molann sé
a cuid éadaí. Tá Darren ag múineadh do Shorcha
cén chaoi le ficheall a imirt. Níl sí go maith
aige. Éiríonn sí as. Tá Darren díomúch.
Deir Rita leis dearmad a dhéanamh uirthi, rud a chuireann fearg
air.
Programme
5 [Litríocht agus Cúrsaí Cultúrtha]
Mír
a Cúig
Darren,
Máirtín, Stiofán, Sorcha, Aingeal, Rita
Aingeal
is now taking an interest in Stiofán but she is no hurry to progress
things with him. She has an argument with Rita, who tells her that she
must take the initiative with Stiofán or else that hell
lose interest in her. Aingeal says Stiofán is not that type of
person. When she sees Stiofán and Sorcha together, she has reason
to change her mind!
Darren tries to engage Sorcha in conversation about the book she is
reading but gets a snappy response.
Tá
Aingeal ag cur an-spéis i Stiofán. Níl mórán
ag tarlú eatarthu ach níl aon deifir mhór ar Aingeal.
Bíonn troid aici le Rita. Deir sise go gcaithfidh Aingeal tabhairt
faoi Stiofán, nó go gcaillfidh sé suim inti. Deir
Aingeal nach bhfuil Stiofán mar sin. Feiceann an bheirt acu Stiofán
ag tacú le Sorcha. Breathnaíonn siad an-mhór le
chéile. Airíonn Sorcha teanntaithe san áit.
Anois, arsa Rita Níl sé mar sin?
Cuireann Darren ceist ar Shorcha cén leabhar atá sí
ag léamh. Tá sé ag iarraidh comhrá a dhéanamh
ach níl fonn uirthi bheith ag caint leis. Brúann Darren
an cheist beagán agus spréachann Sorcha air. Tá
Darren díomúch.
Programme
6 [Cúrsaí Oibre]
Mír
a Sé (vótáil)
Darren,
Máirtín, STIOFÁN, Sorcha, Aingeal, Rita
Aingeal
is beginning to think that Stiofán is the man for her
he has an interesting job, a good salary and a nice car but she
is afraid she may have competition from Sorcha.
Darren is very pleased when Sorcha apologises for her behaviour the
previous day. Aingeal is heartbroken when she finds Stiofán in
bed with Máirtín and Rita shows a different side when
she comforts her.
In the vote that evening Stiofán is evicted.
Airíonn
Aingeal go bhféadfadh Stiofán a bheith ceart di. Tá
obair spéisiúil aige agus tuarastal maith. Tá carr
breá aige ach ní dhéanann sé scéal
mór faoi sin. Ach tá faitíos uirthi gur i Sorcha
atá a spéis.
Gabhann
Sorcha leithscéal le Darren faoi bheith cantalach inné
agus tá Darren an-sásta faoi seo. Ansin beireann Aingeal
ar Stiofán ina luí le Máirtín. Tá
Aingeal croíbhriste. Déanann Rita í a shuaimhniú,
rud a léiríonn taobh eile dá pearsantacht. Cuirtear
an ruaig ar Stiofán sa vótáil.
Programme
7 [Oideachas]
Mír
a Seacht (duine nua)
Darren,
Máirtín, Bríd Úna, Sorcha, Aingeal, Rita
In Darrens
nightmare Rita is a teacher and she is angry with him. She is about
to punish him and makes him stand in front of the class. He sees Sorcha
staring at him and then
.Whack! He wakes and finds BRÍD
ÚNA standing over him with a racquet and asking if hed
like a game.
Bríd Úna is a ladette from Kerry and she likes football.
She takes an interest in Máirtín and when she hears about
him and Stiofán she becomes even more interested! Rita teams
up with Aingeal to help her seduce Darren, despite Aingeals misgivings!
Tá
codladh míshocair ar Darren. Feiceann muid a thromluí.
Tá Rita ina múinteoir agus tá sí crosta
le Darren. Tá slat aici agus tá sí le pionós
a chur ar Darren. Caithfidh sé seasamh amach os comhair an ranga.
Tá Sorcha ag stánadh air. Cromann sé síos.
Whack! Dúisíonn Darren. Tá Bríd Úna
ina seasamh os a chomhair le raicéad eitleoige agus ag fiafraí
ar mhaith le héinne cluiche.
Is as Ciarraí do Bhríd Úna. Is ladette í
agus tá an-suim aici sa pheil. Tá an t-uafás gleo
aici. Is breá léi Máirtín. Nuair a fhaigheann
sí amach faoi féin agus Stiofán, méadaíonn
a spéis ann!
Cuireann Rita in iúl dAingeal go bhfuil cúrsa grá
de dhíth uirthi. Deir Rita go múinfidh sí di cén
chaoi le fear a mhealladh. Díríonn siad ar Darren. Tá
Aingeal amhrasach go maith faoin gcur chuige seo.
Programme
8 [Tréithe Fisiceacha agus Pearsantacht]
Mír
a hOcht
Darren,
Máirtín, Bríd Úna, Sorcha, Aingeal, Rita
With Ritas
help, Aingeal sets about seducing Darren, who is pleased that Sorcha
is now beginning to take an interest in him! Rita talks Aingeal into
wearing a short skirt in order to seduce Darren, but that plan backfires.
Rita then gets Aingeal to take a few drinks and Aingeal throws herself
at Darren. Sorcha walks in as Aingeal tries to kiss Darren and is totally
disgusted. Darren goes after Sorcha to explain. When he doesnt
succeed, he turns angrily on Aingeal.
Le
cúnamh Rita, déanann Aingeal iarracht Darren a mhealladh.
Tá áthas airsean go bhfuil Sorcha ag léiriú
spéise ann sa deireadh! Airíonn sé go bhfuil sé
ag déanamh dul chun cinn. Cuireann Rita ina luí ar Aingeal
sciorta gearr a chaitheamh chun Darren a mhealladh ach ní éiríonn
leis an bplean sin. Tugann Rita cúpla deoch dAingeal ansin
agus caitheann Aingeal í féin ar Darren. Siúlann
Sorcha isteach agus Aingeal ag iarraidh a bheith ag pógadh Darren.
Tá déistin uirthi. Ritheann Darren ina diaidh. Ní
mar sin atá sé, a deir sé. Nuair a theipeann
air, tugann sé íde béil dAingeal.
Programme
9 [Cúrsaí Sláinte]
Mír
a Naoi (vótáil)
Darren,
Máirtín, Bríd Úna, Sorcha, Aingeal, Rita
Aingeal
is feeling hung-over and depressed, and seeing Bríd Úna
and Máirtín together makes things even worse! Sorcha feels
sorry for Aingeal, despite the fact that she was trying to kiss Darren.
Aingeal explains that it was Rita who encouraged her to go after Darren.
Sorcha apologies to Darren and he is pleased with this. Sorcha tells
Rita off for making Aingeal drunk.
In the
vote, Aingeal is evicted. Shes glad to be leaving.
Tá
póit ar Aingeal. Tá sí in ísle brí.
Feiceann sí a fheabhas is atá ag éirí le
Bríd Úna agus Máirtín, rud a dhéanann
an scéal níos measa di! Tá trua ag Sorcha di. Míníonn
Aingeal do Shorcha gur Rita a chuir brú uirthi tabhairt faoi
Darren. Gabhann Sorcha leithscéal le Darren agus tá sé
sásta glacadh leis an leithscéal sin. Tuar dóchais
dó gur ghabh sí leithscéal. Tá Sorcha ar
buile le Rita mar go ndearna sí iarracht teacht idir í
féin agus Darren.
Cuirtear an ruaig ar Aingeal sa vótáil. Tá áthas
uirthi a bheith ag fágáil an tí.
Programme
10 [Taisteal agus Laethanta Saoire]
Mír
a Deich (duine nua)
Darren,
Máirtín, Bríd Úna, Sorcha, Réiltín,
Rita
New arrival
RÉILTÍN immediately takes an interest in Máirtín
but Bríd Úna warns her off. Máirtín is attracted
to Réiltín and attempts to grope her. He is surprised
when she slaps him thats not the usual response he gets,
but it increases his interest! Réiltín is lying on the
bed with her cuddly toy, Báinín the rabbit. Bríd
Úna tells her that Báinín is the only thing shell
manage to seduce.
Rita teases Darren about Sorcha has he lost his courage? He decides
to show Rita what he can do.
Tagann
RÉILTÍN ar an bhfód. Tá an-suim aici a bheith
ag caint le Máirtín. Níl aon ghlacadh ag Bríd
Úna leis an scéal seo. Tá éad uirthi. Bagraíonn
sise ar Réiltín. Deir Réiltín nach sin an
cineál duine í.
Ach tá Máirtín tógtha léi. Déanann
sé iarracht a bheith ag crúbáil uirthi, ach buaileann
Réiltín san éadan é. Níl mórán
taithí ag Máirtín ar an gcineál seo iompair
ó mhná, agus méadaíonn sé an spéis
atá aige i Réiltín! Tá Bríd Úna
breá amhrasach faoi Réiltín. Deir Réiltín
go bhfuil trua aici do Bhríd Úna. Tá Réiltín
ina luí ar a leaba lena coinín beag, Báinín.
Deir Bríd Úna gurb é Báinín an t-aon
rud a mheallfaidh Réiltín isteach sa leaba.
Tá Rita ag spochadh as Darren. An bhfuil dóchas caillte
aige? Nó ar theip ar a mhisneach maidir le Sorcha? Deir Darren
nár theip nó baol air. Taispeánfaidh sé
do Rita céard is féidir leis a bhaint amach.
Programme
11 [Bia agus Deoch]
Mír
a hAon Déag
Darren,
Máirtín, Bríd Úna, Sorcha, Réiltín,
Rita
Darren
decides to win Sorcha back by cooking a meal for her - Réiltín
thinks this is sweet. Réiltín and Máirtín
are on friendly terms again. As she tells him about the dinner Darren
is cooking Sorcha, Bríd Úna is eavesdropping.
Bríd Úna thinks Darren is cooking for Réiltín
and Máirtín and decides to spoil the occasion. When Sorcha
arrives for the meal she sees Réiltíns cuddly toy,
Báinín, in the pot!
Agus é
spreagtha chun gnímh ag magadh Rita, tograíonn Darren
ar bhéile a ullmhú do Shorcha, chun í a mhealladh.
Ceapann Réiltín go bhfuil sé seo an-deas go deo.
Tá Réiltín agus Máirtín cairdiúil
le chéile arís. Cloiseann Bríd Úna í
ag insint do Mháirtín faoin dinnéar atá
Darren ag brath a ullmhú do Shorcha. Bíonn míthuiscint
ar Bhríd Úna maidir le cé dó an béile
atá á réiteach ag Darren. Ceapann sí go
bhfuil Darren á réiteach do Réiltín agus
Máirtín. Socraíonn Bríd Úna an ócáid
a scrios orthu. Nuair a thagann Sorcha isteach leis an mbéile
a chaitheamh, breathnaíonn sí sa phota ar an gcócaireán.
Tá Báinín á bheiriú sa phota!
Programme
12 [An Teach agus Treoracha]
Mír
a Dó Dhéag (vótáil)
Darren,
máirtín, Bríd Úna, Sorcha, réiltín,
Rita
When the
others discover that Bríd Úna was the one who put Báinín
in the pot, she is voted out. Darren is very kind to Réiltín
and she is getting to like him.
Sorcha feels sorry for Darren after the effort he made to prepare the
dinner, so she offers to cook a meal for him. He suggests that they
do it together. They get on well and Darren finally kisses Sorcha.
Faightear
amach gurb í Bríd Úna a chuir Báinín
sa phota agus cuirtear an ruaig uirthi sa vótáil. Tá
Darren go deas le Réiltín agus is maith léi é
sin. Tá sí ag éirí ceanúil air.
Tá trua ag Sorcha do Darren i ndiaidh dó iarracht chomh
mór a dhéanamh dinnéar a ullmhú di. Mar
chúiteamh, deir sí go réiteoidh sise dinnéar
dó siúd. Socraíonn siad go ndéanfaidh siad
le chéile é. Réitíonn siad go maith le chéile.
Pógann Darren Sorcha faoi dheireadh! Tá sé fíorshásta.
Programme
13 [Cúrsaí Siopadóireachta]
Mír
a Trí Déag (duine nua)
darren,
Mánas, máirtín, Sorcha, Réiltín,
Rita
MÁNAS,
who has just returned from Australia, joins the house. He is a former
boyfriend of Sorchas. She turns her back on Darren, and he is
very upset.
Máirtín starts to lose patience with Réiltín
but Rita comes up with a plan to help him seduce her: she will pretend
to be going out with Máirtín in order to make Réiltín
jealous! Réiltín feels greatly disappointed with Máirtíns
behaviour.
Tagann
Mánas ar an bhfód. Tá sé tar éis
filleadh ón Astráil. Iarleannán de chuid Shorcha
atá ann. Tugann Sorcha droim láimhe do Darren, rud a ghoilleann
go mór air.
Tá ag teip ar fhoighid Mháirtín maidir le Reiltín
ach smaoiníonn Rita ar phlean chun cabhrú leis í
a mhealladh: cuirfidh sise i gcéill go bhfuil sí ag siúl
amach leis chun éad a chur ar Réiltín! Tá
Réiltín an-díomúch le Máirtín.
Programme
14 [Na Meáin Chumarsáide]
Mír
a Ceathair Déag
Darren,
Mánas, Bríd Úna, Sorcha, Réiltín,
Rita
Darren
sees that Mánas and Sorcha are getting on well together and loses
all hope of winning Sorcha back. He begins to spend more time with Réiltín.
Rita discovers shes pregnant!
Tá
ag éirí go maith le Mánas agus é ag iarraidh
Sorcha a mhealladh ar ais. Feiceann Darren é seo agus tosaíonn
sé ag cailleadh dóchais maidir le Sorcha. Caitheann sé
níos mó ama le Réiltín. Faigheann Rita amach
go bhfuil sí ag iompar clainne!
Cast:
Darach
Ó Tuairisg (Darren)
Darach started acting while he was still at school in his native Conamara.
Since then he has acted with An Taibhdhearc in Galway and Dublins
Abbey Theatre and has played the part of Liam in TG4s Ros
na Rún.
He has worked on the series The Hoobs, produced by Jim Henson
Productions.
Thosaigh
Darach ag aisteoireacht nuair a bhí sé fós ar scoil
i nGaillimh. Chuaigh sé ar aghaidh ansin go dtí An Taibhdhearc
agus Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Ghlac sé
páirt Liam sa sobal Ros na Rún ar TG4 agus
bhí sí ag obair chomh maith ar Na Hoobs, an
clár puipéadóireachta do pháistí
a léirigh Jim Henson Productions.
Pádraic
Ó Tuairisc (Máirtín)
Pádraic is a native of Cois Fharraige in Conamara. He has been
acting for over ten years and played the part of Gerry Mac Fhlannacha
in TG4s Ros na Rún.
Rugadh
agus tógadh Pádraic i gCois Fharraige, Conamara. Tá
sé ag aisteoireacht anois le breis is deich mbliana. Ghlac sé
páirt Gerry Mac Fhlannacha sa sobal Ros na Rún.
Máire
Bhreathnach (Sorcha)
Máire is from Gort an Choirce in the Donegal Gaeltacht and began
her acting career at school. She has worked with the Project Arts Theatre
in Dublin and with the National Youth Theatre. Máire currently
works with Gaeleagras, an organisation which promotes the use of Irish
in the civil service.
Rugadh
and tógadh Máire i nGort an Choirce i nGaeltacht Dhún
na nGall. Is ar scoil a thosaigh sí ar a saol aisteoireachta.
Tá sealanna caite aici leis an Project Arts Theatre i mBaile
Átha Cliath leis an National Youth Theatre. Faoi láthair
tá sí ag obair le Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí.
Kate
Nic Chonaonaigh (Aingeal)
Kate is from Galway, where she also started her acting career. She has
acted in a wide variety of stage and television productions.
Kate has recently joined with some friends to set up a new drama group,
Punch Drunk Theatre, and they presented How Jane Brown Grew Her
Fingers and Toes during the summer of 2003.
Rugadh
agus tógadh Kate i nGaillimh agus is ann a chuaigh sí
i mbun aisteoireachta i dtosach. Tá obair déanta aici
le Ros na Rún, Telegael agus Eo Teilifís.
Tá compántas nua drámaíochta, Punch Drunk
Theatre, bunaithe ag Kate le ceathrar dá cairde, agus ba é
How Jane Brown Grew Her Fingers and Toes an chéad
léiriú a bhí acu (Samhradh 2003).
Eithne
Ní Enrí (Rita)
Eithne is a member of Aisteoirí an Spidéil and has acted
on both stage and television in recent years. She has presented the
music and chat show Síbín on TG4 and worked
on Jim Hensons puppet series The Hoobs.
Is ball
í Eithne Ní Enrí dAisteoirí an Spidéil
agus tá go leor aisteoireachta stáitse agus teilifíse
déanta aici le blianta beaga anuas. Doibrigh Eithne mar
láithreoir ar an gclár ceoil agus cainte Síbín
agus bhí baint aici chomh maith leis an gclár puipéadóireachta
do pháistí, Na Hoobs.
Páidí
Ó Lionáird (Conor)
Páidí is a native of Cúil Aodha in the Cork Gaeltacht
area of Muskerry. He has acted on stage in London, Dublin, Belfast and
Cork and in other parts of Ireland. He has spent the past six years
working on various programmes on TG4 and anchors TG4s live Saturday
night show Ardán.
Is as Cúil
Aodha i nGaeltacht Mhúscraí i gCorcaigh é Páidí.
Tá sé tar éis roinnt mhaith aisteoireachta stáitse
a dhéanamh i Londain, i mBaile Átha Cliath, i mBéal
Feirste agus i gCorcaigh, agus i go leor áiteanna eile in Éirinn.
Tá sé bliana caite aige anois ag obair ar chláracha
éagsúla ar TG4 agus is é láithreoir Ardán,
an clár beo a bhíonn ar siúl ar an stáisiún
oíche Shathairn.
Tom
Ó Suilleabháin (Stiofán)
Tom has acted in many theatre and television productions, including
On Home Ground and Ferguss Wedding for
RTÉ.
Tá
go leor aisteoireachta stáitse agus teilifíse déanta
ag Tomás, na cláracha On Home Ground agus
Ferguss Wedding do RTÉ san áireamh.
Muireann
Ahern (Bríd Úna)
Muireann is an experienced theatre and film actor. She has worked extensively
as a drama practitioner in an educational context and is currently Education
Officer with TEAM Educational Theatre Company.
Tá
taithí mhaith ag Muireann ar aisteoireacht stáitse agus
teilifíse. Tá suim faoi leith aici sa drámaíocht
i gcúrsaí oideachais and tá sí ag obair
mar Oifigeach Oideachais leis an gcompántas TEAM faoi láthair.
Maighréad
Ní Chonghaile (Réiltín)
Maighréad has acted in a number of films, including the European
co-production How Harry Became a Tree, and Conamara.
Tá
Maighréad tar éis a bheith páirteach i roinnt scannán,
ina measc How Harry Became a Tree, comhléiriú
idir comhlachtaí i dtíortha éagsúla, agus
Conamara.
Bernard
Ó Duibheannaigh (Mánas)
Bernard Ó Duibheannaigh was born in the Donegal Gaeltacht of
Rann na Feirste and took an interest in acting while he was still at
school. He is an active member of the Gaoth Dobhair actors group and
has had parts in a number of Irish language television productions.
Rugadh
Bernard Ó Duibheannaigh i Rann na Feirste in iarthuaisceart Dhún
na nGall. Chuir sé suim san aisteoireacht agus é fós
ar scoil. Tá sé gníomhach leis an gcumann drámaíochta
Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus tá sé tar éis
a bheith páirteach i roinnt cláracha teilifíse
freisin.
|