|
|
|
 |
|
Cathal
Ó Searcaigh
Cathal Ó Searcaigh
was born near Gortahork in County Donegal, where he still lives. He
has, over the past decade, emerged as one of Ireland's most distinguished
modern day poets. As one critic notes: ‘His confident internationalism
has already begun to channel new modes, new possibilities, into the
writing of Irish language poetry in our time.’
Ó Searcaigh is fast becoming a poet of international renown, particularly
since the publication of his bilingual collections Homecoming/An Bealach
'na Bhaile and Out in the Open. Selections of his work have already
been published in translation in approximately fifteen languages,
including French, Japanese and Slovenian. Ag Tnúth leis an tSolas
was awarded the Irish Times Literature Prize for Irish Language Books
in 2001.
He has held various posts as writer in residence in universities throughout
Ireland, north and south, since 1993. In the Spring of 1995, he was
elected a member of Aosdána and he was conferred with an honorary
degree from NUI Galway in 2000.
His collection Na Buachaillí Bána received more media coverage than
any other volume of verse published in the Irish language in recent
years. ‘The best poems in the collection,’ according to The Irish
Times, ‘are exceptional and single Cathal Ó Searcaigh out, not so
much as a maker of poems, but as one of our finest working poets.
This is not meant as faint praise but as a statement of fact.’
Ó Searcaigh is a regular visitor to Nepal and his travel book, Seal
i Neipeal, will be published shortly by Cló
Iar-Chonnachta.
Rugadh Cathal
Ó Searcaigh in aice le Gort an Choirce i dTír Chonaill, áit a
bhfuil sé fós ina chónaí. Le deich mbliana anuas, tá sé tar éis cáil
a bhaint amach mar dhuine de na filí comhaimseartha is cumasaí. Mar
a dúirt criticeoir amháin: ‘His confident internationalism has already
begun to channel new modes, new possibilities, into the writing of
Irish language poetry in our time.’
Tá Ó Searcaigh ag baint clú amach go hidirnáisiúnta mar fhile, go
háirithe ó foilsíodh a chuid bailiúchán dátheangach Homecoming/An
Bealach 'na Bhaile agus Out in the Open. Tá cuid dá shaothar aistrithe
anois go cúig theanga dhéag ar a laghad, ina measc an Fhraincis, an
tSeapáinis agus an tSlóvéinis. Bronnadh an Irish Times Literature
Prize for Irish Language Books ar Ag Tnúth leis an tSolas sa bhliain
2001.
Tá sé tar éis sealanna a chaitheamh ag obair mar scríbhneoir cónaithe
in ollscoileanna éagsúla in Éirinn, thuaidh agus theas, ó bhí 1993
ann. In Earrach na bliana 1995, ceapadh é ina bhall d’Aosdána agus
bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh céim oinigh air sa bhliain 2000.
Léirigh na meáin chumarsáide níos mó spéise ina chnuasach Na Buachaillí
Bána ná mar a léiríodh in aon leabhar filíochta eile sa Ghaeilge le
blianta beaga anuas. Bhí an méid seo le rá ag an Irish Times ina thaobh:
‘The best poems in the collection are exceptional and single Cathal
Ó Searcaigh out, not so much as a maker of poems, but as one of our
finest working poets. This is not meant as faint praise but as a statement
of fact.’
Tugann Ó Searcaigh cuairt ar Neipeal go rialta agus foilseoidh Cló
Iar-Chonnachta a leabhar taistil, Seal i Neipeal, go luath.
|
|
|