|
|
|
 |
|
John
Spillane
John Spillane was born in
Cork. He graduated from University College Cork with a degree in Irish
and English. John spent two summers playing bass guitar with Johnny
Crowley’s group, a job which enabled him to earn money from music
for the first time. This suited him better than the job he had in
the bank in Limerick after the Leaving Cert, a period in his life
which was the inspiration for the witty ‘Bank of Ireland Sean-nós
Blues’.
John spent seven years singing with the Stargazers, a group which
performed American songs by singers such as Ella Fitzgerald, Cole
Porter, Hoagy Carmichael and Johnny Mercer. In the early Nineties
the Stargazers split up, and John subsequently sang and played bass
guitar with the highly-popular traditional group Nomos. He left that
group in early 1998, however, to pursue a solo career.
John has been writing songs, both in English and Irish, with his old
friend Louis de Paor now for many years (he calls their partnership
‘The Gaelic Hit Factory’!) They have won Raidió na Gaeltachta’s song
contest Réalta on two occasions. John performs their winning entry
in 2001, ‘Ag an gCóisir’, during his appearance in ‘Turas Teanga’.
John has released two solo albums to date, The Wells of the World
(1997) and Will We Be Brilliant Or What (2002). That latter album
was his first with the major EMI label and it made the Top 20 in Ireland.
He won a Meteor Music Award in the the Best Folk/Traditional Act category
in 2003, ahead of popular artistes such as Altan, The Chieftains,
Kíla, Christy Moore and Sinéad O'Connor.
John has been presenting a weekly music programme called ‘Rogha John
Spillane’ on Raidió na Gaeltachta
since September 2003. The programme can be heard each Sunday evening
between 9.30 and 10.30 p.m.
He is married and lives in Cork. He has one daughter, for whom he
wrote the song ‘All the Ways You Wander’.
Rugadh John Spillane i gCorcaigh.
Bhain sé céim amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh sa Ghaeilge
agus sa Bhéarla. Chaith John dhá shamhradh ag seinm an dordghiotáir
le grúpa Jimmy Crowley, post a chuir ar a chumas airgead a shaothrú
ón gceol den chéad uair. Bhí sé seo ina phost níos oiriúnaí ná an
ceann a bhí aige i mbanc i Luimneach tar éis na hArdteiste, tréimhse
dá shaol a spreag an t-amhrán greannmhar ‘Bank of Ireland Sean-nós
Blues’.
Chaith John seacht mbliana ag canadh leis an ngrúpa The Stargazers,
grúpa a chan amhráin Mheiriceánacha a chualathas ar dtús ag leithéidí
Ella Fitzgerald, Cole Porter, Hoagy Carmichael agus Johnny Mercer.
Tháinig deireadh le The Stargazers ag tús na nóchaidí, agus ina dhiaidh
sin chaith John tréimhse ag canadh agus ag seinm an dordghiotáir leis
an ngrúpa traidisiúnta Nomos. D’fhág sé an grúpa sin go luath i 1998,
áfach, mar gur theastaigh uaidh a bheith ag seinm ina aonar.
The John ag scríobh amhrán, i nGaeilge agus i mBéarla, lena sheanchara
Louis de Paor anois le roinnt mhaith blianta (‘The Gaelic Hit Factory’
a thugann sé ar a bpáirtnéireacht!) Tá comórtas amhrán Raidió na Gaeltachta,
Réalta, buaite acu faoi dhó go dtí seo. Déanann John an t-amhrán a
bhuaigh an comórtas in 2001, ‘Ag an gCóisir’, a chanadh ar ‘Turas
Teanga’.
Tá dhá albam aonair eisithe ag John go dtí seo, The Wells of the World
(1997) agus Will We Be Brilliant Or What (2002). Ba é an dara halbam
sin an chéad cheann a d’eisigh sé ar an lipéad mór EMI agus d’éirigh
leis an Top 20 a bhaint amach in Éirinn. Bhuaigh John Gradam Ceoil
Meteor sa rannóg ‘Best Folk/Traditional Act’ in 2003, in ainneoin
ceoltóirí mar Altan, The Chieftains, Kíla, Christy Moore agus Sinéad
O'Connor a bheith san iomaíocht leis.
Tá sé ag cur i láthair cláir ceoil, ‘Rogha John Spillane’, gach seachtain
ar Raidió na Gaeltachta ó bhí Meán
Fómhair 2003 ann. Bíonn an clár le cloisteáil gach Domhnach idir 9.30
agus 10.30 p.m.
Tá John Spillane pósta agus tá cónaí air i gCorcaigh. Tá iníon amháin
aige, agus is dise a scríobh sé an t-amhrán ‘All the Ways You Wander’.
|
|
|