|
|
|
 |
|
Alex
Hijmans
Alex Hijmans grew up in the town of Heemskerk in the north-west of
Holland, but he has been living in Galway for the past nine years.
He studied Celtic Language and Literature at the University of Utrecht
and spent a year in University College Galway (now NUI Galway) on
the Erasmus scheme. During that year, he spent a month learning Irish
in An Cheathrú Rua in Conamara, and was very involved in the Irish
drama society in the college. During his time as a student, he also
attended Irish language courses in Oideas
Gael, the college for adult learners in Gleann Cholm Cille in
south-west Donegal.
Alex was editor of the Irish language monthly Comhar
and worked as a journalist with the Conamara-based weekly paper Foinse
for a year and a half. He has also worked for TG4
and Raidió na Gaeltachta on a freelance
basis.
Alex has translated a novel for teenagers from Dutch to Irish (Maistín,
2001) and written a play, Aingilín, which was performed in Galway
and Dublin in 2002. He now owns an Irish language caifé, Bananaphoblacht,
on Dominick Street in Galway.
Rugadh agus tógadh Alex Hijmans i mbaile darb ainm Heemskerk in iarthuaisceart
na hÍsiltíre, ach tá sé ina chónaí i nGaillimh anois le naoi mbliana
anuas. Rinne sé staidéar ar an Léann Ceilteach in Ollscoil Utrecht
agus chaith sé bliain i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (Ollscoil
na hÉireann, Gaillimh anois) ar an scéim Erasmus. Le linn na bliana
sin, chaith sé mí ag foghlaim na Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara,
agus bhí baint mhór aige leis an gcumann drámaíochta sa choláiste.
Le linn a chuid ama mar mhac léinn, d’fhreastail sé ar chúrsaí Gaeilge
in Oideas Gael, an coláiste
d’fhoghlaimeoirí fásta i nGleann Cholm Cille in iardheisceart Dhún
na nGall.
Bhí Alex ina eagarthóir ar an iris mhíosúil Comhar
ar feadh tamaill, agus chaith sé bliain go leith ag obair mar
iriseoir le Foinse, an nuachtán
Gaeilge atá lonnaithe i gConamara. Tá obair déanta aige mar shaoririseoir
chomh maith le TG4 agus le Raidió
na Gaeltachta.
Tá úrscéal do dhéagóirí aistrithe go Gaeilge ag Alex (Maistín, 2001)
agus léiríodh a dhráma Aingilín i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath
sa bhliain 2002. Tá caife Gaeilge, Bananaphoblacht, á reáchtáil aige
anois ar Shráid Doiminic i nGaillimh.
|
|
|