Guests
Guests - Week 14  

buy the book and dvd

 

Mícheál Ó Domhnaill
Mícheál Ó Domhnaill is originally from the Ring Gaeltacht in Waterford but now lives in Sligo. He is well-known as the voice of sport on TG4. He presents most of the sports programmes on the station, including TG4’s live coverage of Gaelic football, hurling, rugby and horse racing.

Mícheál attended Saint Patrick’s teacher training college in Dublin and taught in primary schools in his native Ring and in Dublin after he qualified. He then went to Spain, where he taught English for three years.

His first experience in television was as a freelance cameraman. In 1996, he was offered work on the Spanish soccer programme ‘Olé! Olé!’ by his friend Irial Mac Murchú, founder of the Ring-based Nemeton television company. He was back in Ring at this stage and jumped at the opportunity to travel to Spain again on a regular basis. This highly-popular programme, then the only programme in Ireland or Britain to show Spanish soccer, ran on TG4 for three years.

Mícheál is again working on a freelance basis, but does programmes with Nemeton regularly. His favourite sports are Gaelic football and hurling, and he also has an interest in rugby and soccer.

Mícheál is married with two children.

Is as Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge é Mícheál Ó Domhnaill ó dhúchas ach tá cónaí air i Sligeach anois. Tá aithne air go forleathan mar phríomhláithreoir spóirt TG4. Is é a chuireann i láthair formhór na gcláracha spóirt ar an stáisiún, ina measc craoladh beo ar chluichí peile, iománaíochta agus rugbaí, agus rásaí capall.

D’fhreastail Mícheál ar Choláiste Phádraig, an coláiste oiliúna do bhunmhúinteoirí i mBaile Átha Cliath, agus ansin mhúin sé ar feadh roinnt blianta i scoileanna sa Rinn agus i mBaile Átha Cliath. Chuaigh sé chun na Spáinne ina dhiaidh sin agus chaith sé trí bliana ag múineadh Béarla ansin.

Ba mar fhear ceamara a d’oibir sé in earnáil na teilifíse i dtosach. I 1996, thairg a chara Irial Mac Murchú, bunaitheoir an chomhlachta teilifíse Nemeton atá lonnaithe sa Rinn, post dó ar an gclár sacair Spáinnigh ‘Olé! Olé!’. Bhí sé ag maireachtaint sa Rinn arís faoin am seo agus thapaigh sé an deis a bheith ag obair i bpost a thabharfadh seans dó cuairt a thabhairt ar an Spáinn arís go rialta. Bhí an-tóir ar an gclár seo, arbh é an t-aon cheann in Éirinn nó sa Bhreatain ar a raibh sacar na Spáinne le feiceáil, agus craoladh ar TG4 é ar feadh trí bliana.

Tá Mícheál féinfhostaithe anois arís, ach bíonn sé ag obair le Nemeton ar bhonn rialta. Is iad an pheil Ghaelach agus an iomáint an dá spórt is ansa leis, ach tá suim aige chomh maith sa rugbaí agus sa sacar.

Tá sé pósta agus tá beirt pháistí aige.