|
|
|
 |
|
Máire
Eilís Ní Fhlátharta
Máire Eilís Ní Fhlátharta is an actress best known for her portrayal
of Caitríona in TG4’s soap ‘Ros Na
Rún’, a programme she has appeared in since it began in 1996. She
is a native of An Spidéal in Conamara, where she still lives.
Máire Eilís attended the Regional Technical College in Galway and graduated
with a degree in Catering Management. She subsequently studied Applied
Communications in NUI Galway at post-graduate level.
Máire Eilís was the Galway Rose of Tralee in 1995, and also worked for
over a year as fashion editor of Galway-based Magpie magazine. She is
still involved in the modelling business, often acting as compere in
fashion shows organized by the Catwalk Modelling Agency. She was on
the organizing committee several years ago of the charity fashion show
in which actors from ‘Ros na Rún’ and ‘Fair City’ participated, and
also acted as co-host.
Máire Eilís enjoys walking, shopping and travelling. She has been to
many European countries, Thailand and Australia. She is a frequent visitor
to Spain and the United States.
Caitríona, the character played by Máire Eilís in ‘Ros na Rún’, is described
on the programme’s website as follows:
- Caitríona is a young, fashion-conscious and sexy woman. She is
very self-confident. Caitríona sees herself as the star performer
in whatever company she finds herself. She rarely gets involved
in serious romances. She is intelligent and ambitious but has a
self- centred streak. She can be quite selfish, impatient, resentful
and sharp. She loves gossip and often pursues the big ‘scoop’ that
will land her the glory. Often she can be single-minded and doesn’t
mind stepping on other people’s toes. She can be quite bitchy, especially
with people who cross her and prevent her from getting what she
wants. This, coupled with her tendency to gossip, does not make
her a hugely popular figure in Ros na Rún. She is always on the
lookout for something better: a better man, a better job, a better
angle on a story or simply a better life – the big break that will
take her from the mean streets of Raidió Pobail Ros na Rún to international
stardom.
Is aisteoir í Máire Eilís Ní Fhlátharta, agus
is i ról Chaitríona i sobal TG4 ‘Ros
na Rún’ a bhfuil aithne ag go leor daoine uirthi. Tá sí leis an
gclár sin ó thosaigh sé i 1996. Is as an Spidéal i gConamara ó dhúchas
í agus tá cónaí uirthi ansin fós.
D’fhreastail Máire Eilís ar an gColáiste Réigiúnach i nGaillimh, áit
ar bhain sí céim amach i mBainistíocht Lónadóireachta. Rinne sí staidéar
ina dhiaidh sin ar an gCumarsáid Fheidhmeach in Ollscoil na hÉireann,
Gaillimh ag leibhéal iarchéime.
Ba í Máire Eilís ionadaí na Gaillimhe i gcomórtas Rós Thrá Lí i 1995,
agus d’oibir sí ar feadh breis agus bliain mar eagarthóir faisin ar
an iris Magpie, foilseachán a bhí lonnaithe i nGaillimh. Tá baint aici
fós le tionscal na mainicíneachta agus bíonn sí ina bean tí go minic
le linn seónna faisin a reáchtálann an Catwalk Modelling Agency. Roinnt
blianta ó shin bhí sí ar choiste eagraithe an tseó faisin le haghaidh
carthannachta ina raibh aisteoirí as ‘Ros na Rún’ agus ‘Fair City’ páirteach,
agus ba í duine de na láithreoirí chomh maith.
Is maith le Máire Eilís dul ar shiúlóidí, a bheith ag siopadóireacht,
agus ag taisteal. Tá go leor de thíortha na hEorpa feicthe aici, mar
aon le tíortha níos faide i gcéin mar an Téalainn agus an Astráil. Téann
sí chun na Spáinne agus go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá ar bhonn rialta.
Is mar seo a chuirtear síos ar Chaitríona, carachtar Mháire Eilís i
‘Ros na Rún’, ar shuíomh an chláir:
- Is bean óg, ghnéasúil, mhuiníneach í Caitríona. Tá an-suim aici i gcúrsaí
faisin. Breathnaíonn sí uirthi féin mar phríomhphearsa aon chomhluadair
ina mbíonn sí. Ní minic a thiteann sí i ngrá ceart. Is duine cliste
agus uaillmhianach í, ach ní bhíonn ar a hintinn ach í féin. Go minic,
is ar mhaithe léi féin amháin a dhéanann sí rudaí. Tá sí in ann a bheith
mífhoighdeach, géar, díoltasach. Is maith léi biadán agus ráflaí agus
is minic í ar thóir ‘nuacht te bruite’ chun clú agus cáil a bhaint amach.
Is cuma léi cur isteach ar dhaoine eile chun a mian a bhaint amach.
Tá sí in ann raic a tharraingt, go mór mór le daoine atá ag cur ina
haghaidh. Dá bharr seo, agus de bharr a dúil i mbiadán agus i ráflaí,
níl mórán measa ag muintir na háite uirthi. Bíonn sí i gconaí ag iarraidh
a deis a thapú: fear níos fearr, post níos fearr, scéal níos fearr nó,
ár ndóigh, saol níos fearr – aon deis a dhéanfaidh réalt idirnáisiúnta
di.
|
|
|