Television


About RTÉ Television
OileánRTÉ One, Mondays, 7.30pm

Oileán: Solas na dTonn, Toraigh

Tá idir cáil agus agus míchlú ar Thoraigh ar mhórán chúis - is ann a chuaigh long an chláir teilifíse Cabin Fever go tonn poill, ach is ann freisin atá grúpa  ealaíonteoirí a bhfuil gradam agus aitheantas bainte amach acu.  Is é Toraigh an chéad radharc tíre ag go leor mairnéalach trasatlantach agus tá Teach Solais Thoraí ag faire amach dóibh le 175 bliain anuas.  Is geall le tír eile é Toraigh atá suite 11km amach ó chósta Dhún na nGall.  Cloistear glór an Traonaigh ann go fóill.  Is ann freisin a aimsíonn muid beirt eile a bhainann le dream a bhfuil a gcinéal i mbaol - na coiméadaithe solais. 

Tháinig Seán Ó Fatharta ó Inis Meáin go Toraigh mar choiméadaí solais i 1968.  B'é a chéad teach solais é agus mar sin tá gean ar leith aige air.  Toisc gurbh as oileán eile dó agus toisc Gaeilge ó dhúchas a bheith aige, luigh sé isteach go héasca le saol an phobail.
 
Is as Ceann Málainne i nDún na nGall do Seán Doherty.   Tógadh é gar do theach solais Inis Eoghain agus bhí siopa ag a mhuintir a chuir bia agus earraí ar fáil don teach solais.  Tá breis agus 40 bliain caite aige ag obair le Coimisinéirí Solais na hÉireann agus is iomaí athrú atá tagtha ar chúrsaí lena linn.  Ach má tá nua-theicneolaíocht tagtha ar an bhfód, tá an sean-dúthracht don jab ann i gcónaí.

Rud eile nár athraigh de bharr na nua-theicneolaíochta, is ea an síor-choimhlint i gcoinne na doininne chun cruth maith a choiméad ar na tithe solais.  Is ar John Gallagher agus John Joyce a thiteann an cúram dushlánach an teach solais a phéintáil ó bhun go barr, laistigh agus lasmuigh.  Ní óna sholas amháin a aithnítear gach teach solais ach ó phátrún na ndathanna ar an túr - tá bandaí leathana dubha agus bána ina mharc aitheantais ag Teach Solais Thoraí.  Ar an láthair mara seo,  bíonn na péintéirí ag troid gan stad gan staonadh i gcoinne na meirge.  Ach mar a deir John Joyce  "..Rust, don't knock it! Rust is the painter's friend."

Péintáileann Antain Ó Mianáin Teach Solais Thoraí freisin - ach le péint ola an ealaíonteora seachas le Dulux agus ábhar frith-meirge.  Is beag stiúideó ealaíonteora atá chomh so-bhogtha agus chomh neamhgnáthach le ceann Antain - Massey Ferguson dearg is ea é.

D'fhás an t-oiléanach Áine Máire Nic Ruaidhrí aníos agus an teach solais ar leac an dorais aici.  Nasc leis an domhain lasmuigh ab ea é.  D'oibrigh a hathair ann ó am go chéile mar fhear ionad, agus is iomaí oíche a chaith sí in éineacht leis agus í óg, ag éisteacht leis an gcabaireacht ar an raidió agus ag faire ar an ngath solais ag síneadh amach trasna na farraige móire.  Is iomaí cuimhne séanmhar atá i dteach solais Thoraí.

 

Léiritheoir Sraithe agus stiúrtha ag:  Kevin Cummins
Tuairisciú agus taighde :  Fachtna Ó Drisceoil

Radharc ó Toraigh