Television


About RTÉ Television
OileánRTÉ One, Mondays, 7.30pm

Oileán: Faoi Ghlas

Péarla oileáin isea Inis Píce, suite i lár Chuan Chorcaí. Tá áit ar leith aici i miotaseolaíocht Oilean uile Éireann. Sí Inis Píce Alcatraz na nGael.

Carntha ar a chéile i gcúine thiar an oileáin tá taisí seacht gcéad príosúnach, adhlactha gan aitheantas ná gradam, gan cloch, gan marc, gan ainm. I bhfad Éireann sular thuil Spike Island, Inis Píce, droch-cháil mar phríosún d'ógánaigh fiáin an éadóchais lenár linn féin, ba mheasa ar fad an cháil a bhí uirthi nuair ba chóilíneacht do phríosúnaigh na Banríona Bhictóiria sa naoiú chéad déag í. Is maith a thuil Inis Píce náire ar leith di féin le rátaí mortlaíochta ná facthas sa Eoraip go dtí ré dheachtóirí na fichidiú aoise féinig........   

"..Muair a smaoiníonn tu ar na campaí géibheann sa Ghearmáin, bh'féidir go bhféadfadh an stáit níos mó a dhéanamh dos na daoine bochta sin."
Pádraig Ó Cuanacháin - staraí áitiúil.

"...44.7% of convicts who went on to Spike Island during this period died there."
Michael Martin - staraí áitiúil

Sa chlár seo ríomhtar stair príosúnachta Inis Píce, i dtaca le scéal iar-phríosúnach a thugann cuairt arís ar an oileán inar chaith sé blianta fada ina 'aoi ag an stát' - fear a bhfuil a shaol curtha in eagar anois aige, fear a thuigeann dóchas don chéád uair.

Chaith Séamas O'Brien trí thréimhse istigh. Áirítear é i measc mion-míorúiltí chóras príosúnachta Éireann. Labhraíonn sé faoi chonas ar chuidigh an réimeas ar Inis Píce, an daonra beag príosúnach agus an tseirfís múinteoireachta leis chun droim láimhe a thabhairt don choiriúlacht.  Tá saol sona cruthaithe dó féin anois aige. Ba ar Spike a chéad bhuail sé le daoine a chreid go raibh fiúntas ann mar dhuine agus talann adhmadóireachta sainiúil aige.
 
".I came in here with zero..when I came out them gates I was a completely different person."
- Séamas Ó Brien

"Bhí sé mar chuid den gcóras in Inis Píce ag an am agus thug sé sin an céad seans do Shéamas" - Padraig Ó Duinnín

Chaith an ceoltóir cáiliúil John Spillane seal ag múineadh ceoil do na príosúnaigh. Chuaigh na leads óga sin i gcionn air.  Ghoill éadóchas an mhóraimh go mór air. Tá amhrán John, 'The Prison Teacher', mar phoncaíocht sa chlár tríd síos, ag soillsiú saol na bpríosúnach óg dúinn.....

"When I was a prison teacher, teaching in a prison school
I taught a load of young fellas, how to play guitar, music behind bars.
.There was nobody there from Bishopstown
There was nobody there from Rochestown."

John Spillane

Is scéal neamhghnách é 'Oileán: Faoi Ghlas', scéal faoi oileán eisceachtúil agus iad siúd a chaith tréimhse istigh uirthi. Tá níos mó ná scéal na ndaoránach 'faoi ghlas ag Gallaibh' agus scéal spraoithiománaithe na nochtóidí sa chlár seo - tá scéal fear óg a d'fhulaing is a tháinig tríd - fear a chruthaigh a shlanú is a aiséirí féin.

Oileán: Faoi Ghlas - Spike! Alcatraz na nGael

Léiriú agus Stiúradh:  Michael McCormack
Tuairisceoir : Pat Butler

Inis Píce
Fort Michel