Television


About RTÉ Television
OileánRTÉ One, Mondays, 7.30pm

Oileán: Fear le Fís, Inis Mór

Is ealaíontóir  téagartha é Cyril Ó Flaithearta. Agus is feirmeoir páirt-aimsireach, fear fásta glasraí agus treoraí turasóireachta ar uairaibh leis é. Fear a thugann léargas as an ghnáth duinn ar Inis Mór, a fhearann dúchais, an t-oilean is mó i measc Oileáin Árainn.

Tá Cyril pósta le Fionnuala Ní Earnáin. Is ealaíontóir aitheanta í féin leis, bean atá ag teagasc i nGairm Scoil Éanna i gCill Rónáin. Tá beirt mac óg acu, Ciarán agus Fionn. 

Is pórtráid í seo d'fhear agus bean, de chlann is a n-oileán. Scéal grá caomh paiseanta. Ceiliúrann Cyril, Fionnuala agus na leads na dúichí anama. Ach níl baol ar bith ann nach bhfuilid préamhtha i réaltacht laethiúil an oileáin. Sin raite, is eipic samhlaíochtúil d'aistear é seoladh na mbó is na ngamhna aníos ón bhféarach cois farraige. Turas feasa. Féach na boilbh sin ar an sceach gheal, as a thiocfas áilleacht leochailleach sa tsamhradh; is chathair í le samhlú nead na seangán fá chloch i gcúinne páirce; agus cothaíonn na sean-finnscéalta tráth leapan brionglóidí fiáine andúchasacha ins na leads.

Gineann tírdhreach sceirdiúil Inis Mór íomhánna in obair ealaíne an fhir seo atá breac le miotais, teanga, is ársaíocht an oileáin.

'Ceolaim an t-oilean trím' ealaíon agus ceolann an t-oilean mé', arsa Cyril.

Deir na saoithe nár ceart go mbeadh bearna ann idir an focal agus an gníomh. Tá an t-aontas sin le sonrú i Cyril, Fionnuala agus na buachaillí.

Portráid as an gnáth isea 'Óilean: Fear le Fís'. Ná chaill é.


Láithreoir/Tuairisceoir  Pat Butler
Léiritheoir/Stiúrthóir     Denise Dunne