Television


About RTÉ Television
OileánRTÉ One, Mondays, 7.30pm

Oileán: Fód an Dúchas, Inis Gé

Níl ach stráice chúng farraige idir Inis Gé Thuaidh agus Theas, amach ó chósta Mhaigh Eo. Bhí aighneas binbeach idir an dá phobal le fada an lá. Bhuail tubaist muintir na n-oileán ar an Aoine, 28 Deireadh Fómhair 1927 nuair a scrios stoirm fhíochmhar cósta an iarthair. Cailleadh 45 iascaire, deichniúr acu ón dá Inis Gé. Eachtra cinniúnach i stair na n-oileán bheaga ab ea seo - bhí glúin iomlán sciobhtha chun siúil agus laistigh de dheich mbliana tréigeadh na hoileáin.

Ceithre scór bliain níos deireannaí agus tá athrú mór tagtha ar chúrsaí. In áit turas dian uair an chloig i gcurrach ón mórthír, sciorann báid luais trasna na dtonnta ag tabhairt an ghlúin óig ar ais chuig an oileán i gcóir deirí seachtaine tumadóireachta, snámha agus craice. Tá taibhsí na staire á ruaigeadh, seantithe á athchóiriú agus an t-oileán á athshealbhú.

An tseachtain seo fillean foireann 'Oileán' go hInis Gé in éineacht le Caitlín Ní Chatháin agus a fear céile John, beirt a bhfuil grá mór acu don oileán, agus a chreideann go bhfuil rudaí maithe i ndán don áit amach anseo. Mar sin tá siad ag caitheamh dua agus cúram le hathchóiriú sean-áitreabh muintir Chaitlín. Is fiú an obair nuair a fheiceann siad an dearcadh bródúil ar aghaidh a máthair, Mairéad, atá ag filleadh ar an oiléan tar éis tríocha bliain.

B'é seanathair PJ McGinty an taon fear pósta a cailleadh oíche na stoirme móire. Tá seantigh a mhuintire siúd beal dorais le ceann Chaitlín agus tá spéis á chur aige féin anois in athchóiriú na háite.

Áitreabh tábhachtach fiadhúlra atá sna hoiléain, go háirithe don ghé ghiúrann, agus tá saibhreas seandálaíochta orthu freisin. Fear áitiúil is ea Anthony Irwin a eagraíonn turasanna dúlra chuig na hoileáin agus tá sé ag iarraidh cód iompair a chur ar bun mar gheall ar an mbrú a chuirfidh an turasóireacht ar na hoiléain iargúlta seo.

Tuairisceoir: Padraig O'Driscoll

Léiritheoir: Irene McCormack