Television


About RTÉ Television
OileánRTÉ One, Mondays, 7.30pm

Oileán: TT, Isle of Man

OILEÁN TT  -  Oileán Mhanainn

Is iad na rásaí cáiliúla TT is túisce a thagann chun cuimhne nuair a luaitear Oileán Mhanainn.

Chuile bliain ar feadh coicíse, bíonn an t-oileán álainn seo ar maos le lucht na ngluaisrothar agus a gcuid meaisíní, iad tagtha ó cheithre chearn na cruinne chun freastal ar na comórtais mótarspóirt is ársa agus is cáiliúla ar domhain.  Bliain ar leith a bhí ann i mbliana, bliain chomórtha an chéid den TT. 

Thaistil breis agus 100,000 duine chuig an oileán i gcóir TT 2007.  Thug breis agus 20,000 acu rothairghluaiste in éineacht leo.  D'fhan 20,000 acu in ionaid champála.  Ní rásaí amháin atá i gceist leis an TT ach coicís siamsaíochta, taispéantaisí cleasrothaíochta, agus neart éadaí leathair agus Harleys chuile áit!

Tá gean ar leith ag lucht leanúna an spóirt in Éirinn ar na rásaí TT.   B'é Joey Dunlop as an Baile Monaidh an gluaisrothaí is mó le rá i stair an TT.  Bhí sé buacach 26 uair, éacht nach bhfuil sáraithe ag duine ar bith eile. 

Tá pobal Mhanainn taréis na rásaí TT a ghlacadh chucu féin, agus cé go raibh roinnt cur i gcoinne na rásaí, tá an cuma ar an scéal gur ag dul ó neart go neart atá siad.  Ach bhí a sciar féin den tragóid ag baint leis an TT i gcaitheamh na mblianta, agus i mbliana maríodh gluaisrothaí agus beirt den phobal ar an lá deireannach rásaíochta. 

Ina measc siúd a ghlacann páirt i gclár na seachtaine seo tá:

Tá Freddie Gallagher ó Rann na Feiriste ar fhoireann John Burrows agus airíonn muid an t-atmaisféar spleodrach agus na hinneall ag búireamh roimh an rás agus ina dhiaidh.  Ach bhí brón ag baint leis an ócáid freisin do John mar go raibh a chara maith Séamus Mac Grianna as Dún na nGall i ndroch-thimpiste anseo anuraidh.  Tá droch-bhall fós ar Shéamus ach creideann Freddie go dteastódh óna chara go bhfillfeadh sé ar an rásaí in ainneoin an méid a thit amach dó.

Bhí John Burrows ó Dhún Geanainn i measc na n-iomaitheoirí i mbliana agus labhrann sé faoin gcúnamh a bhíonn de dhíth air óna fhoireann tacaíochta le linn an ráis.  Cloiseann muid freisin faoi na smaointe a ritheann trína intinn sula dtéann sé ag rasaíocht ar luas chomh tapaidh le 170 míle san uair.

Rugadh agus tógadh Mark Kermode agus Brian Stowell ar Mhanainn agus tugann siad léargas dúinn ar dhearcadh na noiléanach ar na rásaí TT.

Tá cónaí ar Philip Kelly ar an oiléan freisin, ach níl sé sásta leis na rásaí TT mar go bhfuil a theach suite ar an gcúrsa. 

Labhrann muid freisin le Kay Dowling agus Hazel Casey, beirt de lucht leanúna Éireannach an TT atá ag freastal ar na rásaí ó 1978 i leith. 

Tá Seán Francis a bhfuil cónaí air i gCo an Chláir agus Andy Crowe as Baile Átha Cliath ag freastal ar na rásaí don dara huair, agus thug siad a ngluaisrothair leo chun tabhairt faoin gcúrsa sléibhe.

Labhrann muid freisin le Richard 'Milky' Quayle ó Mhanainn, iarbhuaiteoir sa TT.  Tá sé éirithe as an rásaíocht ach tá sé anois mar Oifigeach Caidrimh na nGluaisrothaithe.  Creideann sé go bhfuil 100 bliain eile i ndán do na rásaí TT!

Tugann "Oileán TT" fíor-bhlas de na himeachtaí ar Mhanainn le linn na rásaí.  Neart craic, neart spleodair agus neart rothair ghluaiste cumhachtacha.

Léiritheoir/Stiúrthóir  Denise Dunne
Láithreoir/Tuairisceoir Garry Mac Donncha