OILEÁN: Dian Stáisiún
Dé Luain 29ú Meán Fomahair 19.30hrs RTÉ ONE
Oiléan an Stáisiúin, an Loch Dearg, Contae Dhún na nGall. Is iomaí ghlúin a 'rinne' an Loch Dearg, a chaith trí lá chosnocht oilithreachta in ímpí speisialta ar Dhia. Anois, i laethanta an rachmais, nuair atá gach rabharta, seachas rabharta ama ag cách, is tearmann é an Loch Dearg, sórt dé-thocsú anama. Spa spioradálta a chuireann fáilte dóchasach roimh chách. Bristear gach teangbháil leis an saol lasmuigh ar feadh trí lá - ní cheadaítear fón póca, teilfís ná raidió - gan ach tae dubh agus tósta mar chothú ag duine.
Cad a tharraingíonn na mílte fós chuig Lough Derg?
Sí Berni Ní Fhlatharta ár dtreoraí don dtrí lá - ina focla féin, is 'Caitiliceach á lá carte' í. Tógann Berni díothachtaí an oileáin uirthi féin le fáil amach caidé go díreach a mhealann daoine ar ais don charraig sceirdiúil seo, bliain i ndiaidh bliana.
Tar éis trí lá dian, a thiomáin chun an imill í, titeann Berni faoi dheireadh do dhraíocht an oileáin. Beireann sí dóchas agus misneach abhaile lei óna seal istigh ar Loch Derg.
Léirtheoir/Stiúrthóir Anne McCabe
Taighde Ailbhe Nic Mhonagail