Television


About RTÉ Television
OileánRTÉ One, Mondays, 7.30pm

Oileán: Atlantis

"You can run but you can't hide"

Le linn na 70aidí bhí ina gcónaí ar Inis Fraoigh, oileáinín bheag ar imeall Iarthar na hEorpa amach ó chósta Dhún na nGall inaice Alt an Choráin, pobal neamhghnáth darbh ainm Atlantis, nó na Screamers mar a tugadh go minic orthu. Ba é an tuiscint a bhí acu ar chúrsaí síciatrach, go háirithe an tuairm gur foirm theiripe a bhí I mbéicigh nó screadaíl a chothaigh an leasainm na Screamers dóibh.

"People have this impression that we sit around screaming all day, have you ever tried screaming for more than a minute it simply didn't happen like that."
Rebecca Garcia: Iníon Jenny James

Bhunaigh Jenny James Atlantis i Londain i 1974 i ndiaidh di tréimhse a chaitheamh ag freastail ar David Boadella, macléinn de chuid an sícíatrach conspóideach Willhelm Reich.  Bhí pobal Atlantis ina gcónaí in Alt an Choráin roint blianta sular bhog siad amch go hoileáin Inis Fraoigh, iad sa tóir, b'fhéidir, ar Thír na nÓg nó Atlantis na nua-haoise.

"Saoil simplí  préamhaithe sa timpeallacht díreach mar a chleacht  gach aon oileánach in Éirinn, mar a léighimid I Peig nó na Campasinos shuas sna sléibhte I Meiriceá Theas." 
Manchan Magan: Scannánóir

Ach bheadh Éirinn Chaitliceach Coimeádach na linne i gcónaí amhrasach roimh aon ghrúpa radaiceach mar seo.  Bhí údarás an stáit I gcónaí ag dian-faire orthu agus ba mhinic muintir na háite ag léiriú a míshásamh leo. Ar deireadh bhog Jenny agus a lucht leanúna athuair, an uair seo go dtí an taobh eile den domhain, go dtí lár an duifir sa Cholóim I Meiriceá Theas.  Is anseo i Meiriceá Theas a chas an láitheoir teilifíse Manchán Magan le pobal Atlantis don chéad uair.

"Ba thriall iontach é, triall soisialta a bhi ann agus mhol mé an rud seo, agus molaim fós é.  Aon duine a théann amach ag iarraidh an saoil a athruú molaim iad muna Hitler iad  you know".
Bob Quinn: Scannánóir

Sa chlár seo téann Manchán go hInis Fraoigh 20 bliain níos déanaí le tuiscint níos fearr d'fháil ar phobal Atlantis.  Ar an oileán buaileann sé le deirfiúr Jenny James, Rebecca Garcia, ar rugadh a mac féin Tristan ar an Inis Fraoigh. Tá an scéal a aimsíonn sé lán de dhóchas, mí thuiscintí agus grá, ach scéal freisin atá míshuaimhneach agus dorcha in áiteanna agus scéal a chruthaíonn gur cuma, a mhéid a ritheann duine fós beireann an saoil air.

"I think if we really understood better, how we are with our children that generally we would be much more careful about having kids
Rebecca Garcia: Iníon Jenny James

Atlantis
Jenny James
Rebecca Garcia