Oileán: An Spailpín agus An Saighdiúr, Árainn Mór
"Is féidir leat an fear a thógaint ón oileán, agus ní féidir leat an t-oileán a bhaint ón bhfear." Séamus Ó Baoill.
Tá aistear laethúil thar a bheith neamhchoitianta ag Séamus Ó Baoill chuig a ionad oibre. I dtús báire, tiomáineann sé óna theach ar Árainn Mhór go dtí an chéibh. Ansin stiúrann sé a bhád luais trí mhíle go leith go dtí an mórthír. Ansin tiomáineann sé 65 míle go dtí Campa Airm Finner. Chuaigh Séamus isteach sa Seirbhís Chabhlaigh i dtús báire ach níor oir an saol sin dó. Mar a deir sé féin: "Níor thaithin an chabhlach liom. Níl tada agam i gcoinne muintir an Chabháin, ach bhí fear ón Cabhán a bhí tar éis léimt amach thar dhíogh, ag iarraidh insint domsa conas fáil isteach i mbád! Níor fheil sin domsa." D'aistrigh sé go dtí an tArm ag Campa Finner. I dtús báire, chónaigh sé féin, a bhean Louise, arbh as an oiléan di freisin, agus a bpaistí in eastáit tithíochta ar an mórthír. Ach ní raibh siad ar a suaimhneas ansin agus theastaigh uatha a bpáistí a thógaint ar an oileán. Mar sin d'fhill siad abhaile.
'Sé an íbirt atá le déanamh ag móran teaghlach ar Árainn Mhór chun gur féidir leo fanacht ar an oileán, ná go mbíonn ar an té a thuilleann an príomhthuarastal imeacht ó bhaile ar feadh tréimhsí fada. Tá jab tógála ag Éamonn Ó Fearraigh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, é ag obair óna 7 ar maidin gó dtína 6 um thráthnóna, agus gach dara Sathairn freisin. Tá teach á roinnt aige i mBaile Munna le grúpa fear as Dún na nGall, Ní éiríonn leis filleadh ar an mbaile chun a bhean Danielle agus a hiníon Clara a fheicáil ach uair sa choicís. Roimhe seo bhí Éamonn ábalta filleadh ar an mbaile don Samhradh le dul ag iascaireacht bradán. Ach de bharr ordú ón Aontas Eorpach tá na báid iascaigh ar an oiléan díomhaoin anois. Tá Éamonn breán de bheith imithe óna bhean is óna iníon óg. Ach ní mór dó rogha a dhéanamh idir obair thógála ar ardphá i mBaile Átha Cliath nó piocadh faocháin agus gliomadóireacht ar phinginí beaga ar an oiléan. Pé rud a dhéanann leithéidí Éamonn agus Séamus, beidh greim ag an oileán orthu i gcónaí.
Creideann Séamus Ó Baoill go bhfillfeadh daoine eile ar an oileán dá mbeadh seirbhís farantóireachta luath ar maidin a chuirfeadh ar a gcumas a bheith in am don obair ar an mórthír. Mar sin tá sé tar éis mearbhád farantóíreachta nua a chiomisiúniú agus tá sé á thabhairt faoi mar tionscnamh nua.
Léiritheoir/Stiúrthóir: Irene McCormick
Tuairisceoir: Fachtna Ó Drisceoil