Television


About RTÉ Television
OileánRTÉ One, Mondays, 7.30pm

Oileán: An Dá Thaobh

Sa naoiú chéad déag bhí cáil idirnáisiúnta ar oilean beag
Gaeltachta ar chósta Chiarraí mar go raibh sé ar faobhar-imeall
na teicneolaíochta cumarsáide.  Oileán Dairbhre.

Díol mór iontais ab ea an cábla tras-Atlantach a leagadh in 1866 idir Meiriceá agus an Eoraip. Éacht innealtóireachta, a cheangail an dá mhór-roinn.

'Is dóigh liom gur bhraith na Meiriceánaigh, i ndiaidh an cábla seo a bheith leagtha, nach raibh siad gearrtha amach ón saol mhór ní ba mhó'

Mícheál Ó Bréartúin, Údar 'Sreangscéalta'.

Ceithre iarracht a deineadh idir 1857 agus 1866 chun cábla a leagadh idir Éire agus Talamh an Éisc. Sa chéad iarracht, sheol dhá long as Cuan Chorcaí le dóthain cábla ar bord chun an jab a dhéanamh, ach an dá chábla a nascadh le chéile i lár an Atlantaigh. Ní raibh rath ar sin agus ansan d'fhág dhá bhád eile ón dá cheann scríbe:deineadh an ceangal i lár an aigéin agus d'oibrigh an nasc ar feadh tamaill. An rud ba thábhachtaí a tháinig as sin ná gur socraíodh ar Oilean Dairbhre mar cheann scríbe na hEorpa ina dhiaidh sin.
 
Iarla Chiarraí faoi ndear roghnú Dairbhre. Thug sé ionad sealadach don stáisiún chábla ins an cairéal slinne dá chuid istigh ar an oileán. Nach comhthárlúint í go bhfuil oifigí sa tsean stáisiún a tógadh nuair a d'éirigh leis an cheathrú nasc in 1866 ag Mícheál Lyne, úineir Valentia Slate ar na saolta seo!

Faoi dheireadh, baineadh leas as an long ba mhó ar domhan an tráth sin, 'The Great Eastern', chun an jab a dhéanamh. D'fhéadfaí fad iomlan an chábla a cur ar bord na loinge sin. Deineadh an triú iarracht in 1865, agus tar éis foghlaim as sin, d'éirigh leo sa cheathrú dul in 1866. Mórscéal nuachta na bliana a bhí ann, agus bhí Oileán Dairbhre sa spotsholas domhanda. 

"This cable made news all over the world. In Butte, Montana, there's a ski run called the Atlantic Cable. It's called after a gold strike in that area in 1865. The real cable was only just functioning, but in the middle of the Rocky Mountains in Montana, they called a gold strike after the achievement."

Des Lavelle - Oileánach.

Má cheangail an cábla dá thaobh an domhain le cheile, nach aisteach mar a ghearr sé Oileán Dairbhre ina dhá leath!  Chruthaigh an lucht teileagrafa tháinig ó chuile chearn sa Ríocht Aontaithe saol iomlan 'Sasanach' dóibh fein istigh, i bhfoisceacht an stáisiúin agus i dtimpeallacht Bhaile an Ridire. Croicéad in áit na caide! Tá iarsmaí na 'Breataineachta' sin le feiscint fós sna tithe breátha cloiche a thógadar. Agus maireann scéalta sa tseanchas faoin difríocht idir shaol traidisiúnta na noileánach agus saol galánta na neachtrannach.

'Dúradh faoin deighilt sin go raibh boladh na móna ar an taobh thall den oilean agus boladh an ghuail in aice le Baile an Ridire'

Joan Gallagher, Oileánach.

Scéal iontais nua-aoiseach isea an scéal seo: finnscéal cumarsáide idirnáisiúnta, gualann má ghualann le bearna do-thrasnaithe logánta idir meon agus sícé Gael is Gall. 

'Oileán Dairbhre - Uair Dá Raibh ...'
Léiriú agus Stiúradh :  Michael McCormack
Taighde : Muiris Ó Fiannachta