Television


About RTÉ Television
OileánRTÉ One, Mondays, 7.30pm

Oileán: John Lennon

1968 cheannaigh John Lennon a oileán féin - Doirinis, Cuan Mó, Co. Mhaigh Eo. B'fhéidir gur mheall an draíocht mhiotasach a bhaineann le hoileáin é - b'fhéidir go raibh sé ag cuardach a oileáin rúnda féin agus cé nach ndearna sé cuairt ar an oileán ach cúpla uair, beidh baint aige choíche le "laoch an lucht oibre" ó Merseyside.

Nuair a thóg sé seilbh air thug sé an cúram do Sid Rawle ' King of the Hippies' a chuir común ar bun ansin ó 1971-1973.

"John asked me to go and see him, he said I have bought this Island in Clew Bay, I am not going to do anything with it, why don't you put your commune there" Sid Rawle

 B'fhéidir go raibh sé mar bhrionglóid ag Lennon ach chuir na 'hippies' é i gcrích ar dhóigh nuair a lig sé dóibh cónaí ar an oileán.
Ag an am seo ní raibh an pobal coimeádach tuaithe sásta le "grá saor" agus cónaí comhchoiteann - bhí eagla orthu:

"..That they would go into our dance halls, cinemas and any place..and  they would pass around their drugs either in cigarette form, cakes,or sweets." Local Westport Woman RTÉ Newsbeat 1971

Tá croí Oliver Sweeney istigh sna  Beatles agus téann sé siar ar odaisé Lennon agus buaileann sé le Sid Rawle,  Rí na 'Hippies' ar Doirinis 38 bliain ó shin, agus filleann seisean ar an oileán agus ar a óige suimiúil den chéaduair.

Sa chlár faisnéise seo iarraimid ort turas a thógáil, trí Oliver agus Sid, agus do mhachnamh a dhéanamh ar cad is brí lenár mbrionglóidí. Faighimid léargas nua fosta ar shaol pearsanta John Lennon, nuair a admhaíonn sé seo a leanas agus é á cheistiú ag Sid Rawle:

" John, you are living in a Ivory tower, when are you going to come back to the people? come back John" Sid Rawle

John replied "there is nowhere I can go anymore where they can't find me"

Agus ar an drochuair bhí an ceart aige!

Oileán: John Lennon -  an inis é nó aisling!

Léirithe & Stiúrtha ag:  Sonia Nic Giolla Easbuig
Taighde:  Mark Keenan & Muiris Ó Fiannachta

Doirinis
Sid Rawle & Oliver Sweeney