See English version below.
Láithreoir
Tá an-taithí ag Bob Kelly ar a leithéidí seo. Agus é i mbun na sraithe taistil rathúla No Place Like Home ar RTE, taistilíonn bob ar fud an domhain le fail amach cén fáth a bhfuil inimircigh atá díreach tagtha go hÉirinn ag iarraidh cur fúthu anseo – agus céart atá fágtha ina ndiaidh acu!
Na Rannpháirtithe
Rugadh Lucia Atencia Fernandez, 30, in Ferrol sa Ghailís. Bhí sí riamh paiseanta mar gheall ar mhionteangacha. Is múinteoir Spáinnise í Lucia i scoileanna éagsúla i nGaeltacht Chiarraí. Measann sí gur teanga álainn í an Ghaeilge, lán gaoise agus staire.
An t-anim baiste a tugadh ar Vivian Mackey, 27, ná XiaoYan Sun agus is é an grá a thug go hÉirinn í. Bhuail sí lena fear céile, Raymond Mackey, ina tír dhúchais, an tSín, nuair a bhí siad beirt ag obair i ndílleachtlann. Bhog an lánúin go Magh, baile tuaithe i gContae Dhún na nGall, in 2004 agus thit Vivian I ngrá leis an áit. Tá sí ag obair sa Centra áitiúil agus tapaíonn sí gach deis an Ghaeilge a labhairt leis na custaiméirí. Ceapann sí go gcabhróidh na scileanna a d’fhoghlaim sí ina cuid oibre mar theangaire agus aistritheoir sa tSín léi an Ghaeilge a thabhairt léi.
Ba iad páistí an Dr. Taiwo Matthews a spreag é leis an nGaeilge a fhoghlaim. Tá an dochtúir, arb as Lagos na Nigéire ó dhúchas é, ina chónaí in Inis le seacht mbliana anuas. Tá triúr páistí aige a deir sé atá ar na daltaí is fearr sa rang Gaeilge. Is Comhairleoir Baile é, tréadaí in eaglais áitiúil, tá sé i mbun staidéir do M.B.A. agus ag déanamh taighde do Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn. In ainneoin é bheith chomh gafa sin, deir sé go ndéanann sé iarracht “dhá lá a dhéanamh as gach lá”. Tá sé den tuairim go gcabhróidh foghlaim na Gaeilge leis meascadh níos fearr leis na hÉireannaigh agus tuiscint níos fearr a fháil orthu.
Agus é 19, d’fhág Raj Khan a thír dhúchais, an Bhanglaidéis, agus 100 dollar ina phóca agus chaith sé cúpla bliain ag taisteal and domhain sular chuir sé faoi in Éirinn. Tá sé 24 anois agus measann an fear fuinniúil seo go raibh Baile Átha Cliath mar shaothar ealaíne nach raibh críochnaithe go dtí gur tháinig seisean ar an bhfód. Tá sé ag obair mar theachtaire rothair agus is minic a fheicfidh tú é ag rothaíocht ar luas lasrach timpeall shráideanna na cathrach. Teastaíonn uaidh an Ghaeilge a labhairt ar mhaithe le mná na hÉireann a mhealladh agus tá sé mar chuspóir aige a bheith mar an chéad Hector eile.
Presenter
Bob Kelly is no stranger to this territory. In the acclaimed RTE travel series No Place Like Home, Bob travels across the glove to find out more about why recently arrived immigrants have come to Ireland – and what they left behind.
Participants
Lucia Atencia Fernandez, 30, was born in Ferrol in Galicia. She has always been passionate about minority languages. Lucia teaches as a múinteoir Spáinnis in local schools around the Kerry Gaeltacht. She thinks Irish is a beautiful language full of wisdom and history.
Vivian Mackey, 27, was born Xiao Yan Sun and moved to Ireland for love. She met her husband, Raymond Mackey in her native China when they were both working in an orphanage. The couple moved to the rural village of Muff in County Donegal in 2004 and Vivian fell in love with the place. She works in the local Centra and has been using every opportunity to try out her Irish on the customers. She thinks that the skills she learned from her work as an interpreter and translator in China will help her to learn Irish.
It was Dr. Taiwo Matthew’s children who inspired him to try and learn Irish. The doctor, originally from Lagos in Nigeria, has been living in Ennis for the last seven years. He has three children whom he says are among the best in their Irish class. He is a Town Councillor, a pastor at his local church, has been studying for an M.B.A and conducting research for the Royal College of Surgeons. However, despite his hectic schedule he says he tries to “make two days out of one day”. He thinks learning Irish will help him to integrate and understand Irish.
At 19, Raj Khan left his native Bangladesh with 100 dollars in his pocket and spent a couple of years travelling the world before settling in Ireland. Now 24, this energetic character says he thinks Dublin was like an incomplete work of art until he came along. He works as a bicycle courier and you’ll often see him whizzing around the city streets on his bike. He wants to learn Irish to improve his chances with Irish women and his ambition is to become the next Hector.