- Home
  - Learning Irish
  - Turas Teanga
 
  - Seachtain na Gaeilge
   

< Click here for English version of text >

RTÉ's 'Coiscéim' is a three part series which will be broadcast during Seachtain na Gaeilge showcasing six stylistic mini documentaries capturing people who are passionate about what they do for a living.

Clár 1 (Programme 1)

Labhraítear leis an ealaíontóir Pádraic Reaney sa chéad mhionchlár faisnéise agus é ag tabhairt faoi ghairdín comórtha a dhearadh in Oileáin Árann i gcuimhne ar an scríbhneoir Liam Ó Flaithearta.

Sa dara mionchlár faisnéise tugtar cuairt ar an aisteoir Siobhán O’Kelly, a bhíodh páirteach i ‘Ros na Rún’, i Londain áit a bhfuil sí ag freastal ar an Guildhall School of Acting.

As an dá mhíle go leith duine a chuireann isteach ar áit ar an gcúrsa gach bliain ní roghnaítear ach cúig dhuine dhéag. Tá an Guildhall tar éis oiliúint a chur ar aisteoirí clúiteacha mar Ewan McGregor agus Ralph Fiennes.

Clár 2 (Programme 2)

Sa dara clár sa tsraith buailimid le daoine atá paiseanta faoi bhia agus atá mar chuid den ghluaiseacht ar a dtugtar ‘slow food’. Feicimid cáis gabhair á déanamh ar fheirm gabhar Shinéad Ní Ghairbhith i gContae an Cláir agus í ag dul as sin go dtí an bord i mbialann Pheadair Mhic an Bhaird, Country Choice, ar an Aonach, Contae Thiobraid Árann.

Sa dara mionchlár faisnéise, feicimid Máirtín Ó Méalóid, fear as Oileán Chléire atá ag cothú míníneachta, cluas mhara, ar a fheirm éisc ar an oileán, agus é ag dul go Londain chun a tháirge a dhíol leis an Nobu Restaurant.

Clár 3 (Programme 3)

Labhraítear sa tríú clár sa tsraith le dream atá paiseanta faoina n-áit dhúchais – daoine a d’fhág oileán Ghabhla sna seascaidí. I lár na seascaidí d’fhág na háitritheoirí deireanacha Gabhla agus bhog siad go dtí an tír mór. Sa mhír faisnéise seo, buailimid le roinnt daoine nach raibh ach ina bpáistí óga sna seascaidí agus feicimid iad ag filleadh ar a dtithe ag am nuair atá an t-oileán ag éirí beoga arís.

Sa dara mionchlár faisnéise, an ceann deireanach sa tsraith, labhraítear le Róisín Derrane atá ag obair mar smideoir sa teilifís agus i scannáin.

Is as Oileáin Árann í Róisín agus in ainneoin saol thar a bheith gnóthach i mBaile Átha Cliath agus i Londain (agus ar fud an domhain, go deimhin), meallann a hoileán dúchais agus a teaghlach ar ais í i gcónaí.