/ Other Sport

McNamee Award for Spórt an tSathairn on RnaG

Updated: Thursday, 18 Apr 2013 11:50 | Comments

Seán Bán Breathnach
Seán Bán Breathnach

RTÉ Raidió na Gaeltachta sports programme Spórt an tSathairn has been awarded Gradam na Gaeilge 2012 at the McNamee Awards.

Seán Bán Breathnach accepted the award from Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Liam Ó Néill at a function in Croke Park on Saturday evening.

These awards are the GAA National Communication and Media Awards named after the late Pádraig McNamee, former President of the GAA and member of RTÉ authority, and are presented annually in recognition of outstanding contributions in the area of media and communications.

Alan Milton, GAA Communications Manager, praised the work of RTÉ Raidió na Gaeltachta, and said that the station provided unrivalled coverage of matches across the spectrum, from national to underage levels. He said that some of the best sports journalists in the country were working with the service, and praised its excellent reporting and analysis.

Spórt an tSathairn is broadcast every Saturday on RTÉ Raidió na Gaeltachta at 2pm. There is comprehensive coverage on the programme of sporting fixtures throughout the country, and further afield, all year.

The programme, presented by Breathnach, includes reports, analysis, interviews, results, and live commentary, with priority given to the Gaelic games – football, hurling, camogie and handball.
______________________________________________________________________________
Tá Gradam na Gaeilge 2012 ag Gradaim Mhic Con Mhidhe bronnta ag Cumann Lúthchleas Gael ar an gclár Spórt an tSathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhronn Uachtarán CLG Liam Ó Néill an gradam ar Sheán Bán Breathnach ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn.

Tá Gradaim Mhic Con Mhidhe ainmnithe do Phádraig McNamee, iar Uachtarán CLG, agus iar-bhall de Chomhairle RTÉ, agus tugann siad aitheantas do shár obair i réimsí na cumarsáide agus na meáin spóirt in Éirinn.

Thug Alan Milton, Bainisteoir Cumarsáide CLG, ardmholadh do RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus dúirt nach raibh clúdach níos fearr le fáil in áit ar bith ar chluichí CLG ná mar atá ar RnaG, ón leibhéal náisiúnta go cluichí faoi aois. Dúirt sé freisin go raibh cuid de na hiriseoirí spóirt is fearr sa tír ag obair leis an tseirbhís, agus go raibh anailís agus faisnéis den chéad scoth le cloisteáil air.

Craoltar Spórt an tSathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Satharn ag 2 pm. Bíonn clúdach cuimsitheach ar an gclár ar imeachtaí spóirt ar fud na tíre, agus níos faide ó bhaile chomh maith, ó cheann ceann na bliana.

Bíonn faisnéis, anailís, agallaimh, torthaí, tuairiscí agus tráchtaireacht bheo ar Spórt an tSathairn, a chuireann Seán Bán Breathnach i láthair, agus tugtar tús áite do na cluichí Gaelacha – peil, iomáint, camógaíocht agus liathróid láimhe.

User contributions and/or comments do not, unless specifically stated, represent the views of RTÉ.ie or RTÉ.
Click here for Terms of use
Live!