seachtain na gaeilge

Cad atá i gceist le Seachtain na Gaeilge?

Is eagraíocht neamhbhrabúsach í Seachtain na Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm aici úsáid na Gaeilge a spreagadh sa bhaile agus i gcéin i rith féile coicíse gach Márta. Is é mana na féile ná “Croí na Teanga – It’s You!” chun a léiriú gur féidir le gach duine, cibé aois atá sé nó cibé tír ina bhfuil cónaí air, a bheith lárnach in athbheochan na Gaeilge.

I rith Sheachtain na Gaeilge (5-17 Márta) déanfar roinnt mhaith clár Gaeilge a chraoladh ar Raidió agus Teilifís RTÉ agus beidh míreanna Gaeilge le cloisteáil chomh maith i gcláir éagsúla.

An Cór

Presented by Fiachna Ó Braonáin (Hothouse Flowers), AN CÓR features the experiences of six choirs as they immerse themselves in the culture, language and history of traditional Irish songs such as "Báidín Fhelimí", "Óró, Sé do Bheatha 'Bhaile", "An Poc ar Buile", "Bean Pháidín" and "Beidh Aonach Amárach".

The Den
Buail isteach chuig The Den do spórt is spraoi le linn Sheachtain na Gaeilge.
Love Irish
Caith seal le Dermot Ward agus é ag féachaint le roinnt réaltaí Éireannacha a mhealladh le cabhair ó Shinéad Ní Churnáin agus a fhocal-leabhar.
Radio 1

Beidh réimse clár Gaeilge ar RTÉ Raidió 1, agus craolfar an chéad cheann, Éigse Bheo ag Imram, ar 8.00pm ar an 6 Márta. Taifeadadh beo ón bhféile litríochta IMRAM é seo agus i measc na bhfilí agus na gceoltóirí a bheidh páirteach ann beidh Áine Ní Ghlinn, Tadhg Mac Dhonnagáin agus an Gaelic Jazz Project. Ar 8.00pm ar an 13 Márta, díreofar in dhá shaothar grinn, Drámaí Grinn don Raidió, ar an gcaidreamh idir fir agus mná in dhá shuíomh an-éagsúla. I ndiaidh an chláir sin, ar 9.00pm, craolfar clár faoin amhránaí clúiteach as Corcaigh Seán Ó Sé, agus díreofar ann ar bhlianta tosaigh a shaoil agus ar an tréimhse a chaith sé le Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann. Dé Sathairn, 14 Márta ar 8.00pm, beidh leagan athchóirithe don raidió de Cré na Cille le cloisteáil ar Sunday Playhouse. Is é Macdara Ó Fatharta a chuir le chéile an leagan is fusa a thuiscint go dtí seo den saothar, agus tá Bríd Ní Neachtain i measc na n-aisteoirí mór le rá atá páirteach ann.

I rith na seachtaine, beidh sleachta á léamh as Cailíní Beaga Ghleann na mBláth le hÉilís Ní Dhuibhne ar Book on One ar Raidió 1. Dé Luain, 15 Márta ag 10.00pm, déanfar ceiliúradh ar chlár Vincent Woods, Arts Tonight, ar bhreith an mhórfhile Máirtín Ó Direáin céad bliain ó shin, agus ar Lá Fhéile Pádraig ar RTÉ Raidió 1 beidh The Music of Shaun Davey le cloisteáil ar In Concert. Beidh Liam Ó Floinn, Rita Connolly, agus an grúpa ceoil Béal Tuinne as iarthar Chiarraí páirteach sa cheolchoirm, agus beidh amhráin agus liricí Gaeilge i gceist a bheidh bunaithe ar dhánta de chuid Chaoimhín Uí Chinnéide.

Ar deireadh, déanfaidh Sunday Miscellany Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh le meascán de chlosaistí agus d'fhilíocht nua i nGaeilge.

Lyric Fm

Díreofar ar an 'Seanfhocal' ar RTÉ lyric fm le linn Sheachtain na Gaeilge. Tá na nathanna seo atá lán gaoise agus grinn tar éis teacht chun cinn sa traidisiún béil leis na céadta bliain anuas. Tá cinn ann a thaitníonn go mór linn go léir agus i rith na seachtaine cloisfimid guthanna aithnidiúla ag cur na seanfhocal a thaitníonn leo siúd inár láthair. I measc na ndaoine a bheidh le cloisteáil beidh Aoibhínn Ní Shúilleabháin, Dermot Somers, Manchán Magan, Seán Bán Breathnach, Gabriel Rosenstock, Éamonn Ó Catháin agus Daithí Ó Sé. Beidh cláir éagsúla sa sceideal páirteach i Seachtain na Gaeilge, ceann Trish Taylor, Daybreak, cuir i gcás, áit a gcuirfidh an cócaire agus craoltóir Éamonn Ó Catháin roinnt de na hoidis is ansa le daoine ar fáil i nGaeilge. Beidh saothair as Gaeilge de chuid amhránaithe mar Dharach Ó Catháin, Seosamh Ó hÉanaí and Iarla Ó Lionáird le cloisteáil ar The John Kelly Ensemble, agus saothair de chuid cumadóirí Éireannacha amháin a bheidh i gceist ar an Lyric Concert Dé Céadaoin.

Seachtain na Gaeilge ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Beidh cúpla craoladh speisialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, an tsraith nua dar teideal Ar an gCoigríoch ina measc. Cuirfear tús leis an tsraith seo Dé Sathairn, 6 Márta agus mairfidh sí go dtí an samhradh. Beidh léiritheoir na sraithe, Tomás Mac Con Iomaire, i mbun cainte le cúig dhuine dhéag as áiteanna i gcéin mar Mheiriceá, an Astráil, an tSeapáin agus an Ungáir nach cainteoirí dúchais Gaeilge iad faoina spéis sa teanga agus sa chultúr Gaelach. Cloisfimid a dtuairimí faoi Éire agus faoi mhuintir na hÉireann agus an chaoi a bhfuil na tuairimí seo athraithe ó tháinig siad chun cónaithe anseo. Dé Máirt, 9 Márta, beidh Rónán Beo @ 3 ag craoladh beo ó Bhéal Feirste, áit a mbeidh tús á chur le Rith 2010 - rás sealaíochta 1600km a thosóidh sa chathair an lá sin agus a chríochnóidh i nGaillimh Lá Fhéile Pádraig.

Foilsíodh Cré na Cille, úrscéal cáiliúil Mháirtín Uí Chadhain, mar leabhar den chéad uair ar an 10 Márta, 1950. Seasca bliain ón dáta sin, déanfar athmheasúnú ar shaothar géarfhoclach an Chadhnaigh in Cré na Cille: 60 Bliain os cionn talún (arna léiriú ag Dónall Ó Braonáin) agus féachfar ar an rian atá fágtha aige ar litríocht nua-aimseartha na Gaeilge.

Beidh Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil faoi Dé hAoine, 12 Márta, agus ar an lá sin cuirfidh Eibhlín Ni Chonghaile Iris Aniar i láthair ó Lohans i mBóthar na Trá i nGaillimh. Dé Sathairn, 13 Márta, beidh an tAstrálach Ariel Killick, ar siamsóir sráide agus cainteoir líofa Gaeilge í, faoi agallamh ar an gclár Ar an gCoigríoch. Dé Máirt, 16 Márta, craolfar Rónán Beo @ 3 ón Odean Bar ar Shráid Fhearchair agus beidh an grúpa reggae Bréag, an t-amhránaí agus cumadóir Enda Reilly agus an rac-ghrúpa Henrietta Game mar aíonna ar an gclár.

RTÉ Pulse
Ar RTÉ Pulse, beidh ceol Ceilteach le cloisteáil ar The Cosmo agus cuirfidh Scott De Buitléir an clár i láthair go dátheangach le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh. Cuirfidh sé agallamh ar an údar Ollannach agus cainteoir Gaeilge Alex Hijmans faoina leabhar Favela, agus déanfar dreas cainte ar an nguthán le beirt cheoltóirí techno-pop as an mBreatain Bheag darb ainm Clinigol. Lena chois sin, cuirfidh Scott i láthair an National Gay Scene Guide, a chuirfidh an lucht éisteachta ar an eolas faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl ar oileán na hÉireann don phobal LGBT sna laethanta ina dhiaidh sin.
Easy Iris
Foghlaim Gaeilge gan stró lenár gcúrsa teanga spraíúil, lán eolais.
Turas Teanga
Is cúrsa teanga nuálach ilmheán é Turas Teanga ina bhfuil 20 clár teilifíse, sraith raidió, leabhar, trí dhlúthdhiosca, dhá DVD agus suíomh gréasáin. Tá na meáin seo go léir comhtháite chun cúrsa cuimsitheach agus suimiúil a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil roinnt Gaeilge acu cheana féin agus ar mian leo luí isteach ar fhoghlaim na teanga arís.
In the Name of the Fada
Tá ‘In the Name of the Fada’, leis an bhfear grinn Des Bishop, le fáil ar DVD anois