RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Scéala

Josie Ó Cualáin

Tequila Tíre

Beidh an clár Tequila Tíre le cloisteáil oíche Dé Domhnaigh ó 9pm go meánoíche feasta, agus ar an gclár ar 5 Feabhra beidh Josie ag casadh neart amhrán le Luke Kelly.

Country and folk programme Tequila Tíre can now be heard on Sundays 9pm to midnight.

Sceideal Nua ó 30 Eanáir 2012

Beidh roinnt athraithe ar sceideal Raidió na Gaeltachta ó 30 Eanáir.

There will be some changes to the Raidió na Gaeltachta schedule from 30 Jan.

An Taobh Tuathail le cloisteáil níos luaithe

Beidh An Taobh Tuathail le Cian Ó Cíobháin le cloisteáil ag am níos luaithe, 9pm, feasta.

Cian Ó Cíobháin's An Taobh Tuathail is moving to a new earlier time slot of 9 pm.

Tim McHugh

Tim McHugh, buaiteoir Bhonn Sheáin Uí Riada

Is é Tim McHugh as Baile Uí Fhiacháin i Maigh Eo buaiteoir Bhonn Óir Sheáin Uí Riada. Bhí 15 ceoltóir san iomaíocht i gcraobh an chomórtais Dé hAoine a craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Ostán an Rochestown Park i gCorcaigh.

Flute player Tim McHugh from Newport in Mayo was announced as winner of the Seán Ó Riada gold medal and prize money of €2500 on Friday night.

Rónán Beo @3 as Glaschú

Beidh Rónán Beo @3 á chraoladh beo ón bhféile Celtic Connections i nGlaschú Déardaoin 26 agus Dé hAoine 27 Eanáir.

Thurs 26 and Friday 27 Jan Rónán Beo @3 will be coming live from the Celtic Connections festival in Glasgow.

Bonn Óir Sheáin Uí Riada 2012

Beidh 15 fliúiteadóir ar stáitse ar 13 Eanáir in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh agus iad san iomaíocht do Bhonn Óir Sheáin Uí Riada. Beidh an comórtas le cloisteáil beo ar an gclár Cuireadh chun Ceoil ar Raidió na Gaeltachta ó 7pm an oíche sin.

15 flute players will take to the stage on Friday 13 January to compete for the Bonn Óir Sheáin Uí Riada medal. Listen live to the competition on Cuireadh chun Ceoil from 7pm.

An Nollaig ar Raidió na Gaeltachta

Beidh rogha breá cláracha le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Nollaig, orthu sin beidh cláracha ceoil, agallaimh, cláracha staire, cláracha faisnéise, spórt, súil siar na bliana agus cláracha speisialta Nollag.

RTÉ Raidió na Gaeltachta's Christmas schedule is brimming with great programmes.

Daidí na Nollag

Beidh Daidí na Nollag ag teacht ar cuairt go Raidió na Gaeltachta i gCasla Dé Domhnaigh 18 Nollaig ó 1.00 p.m. - 4.00 pm.

Santa will be visiting Raidió na Gaeltachta on 18 Dec from 1.00 pm - 4.00 pm.

Cáinaisnéis 2012

Beidh clúdach iomán ar Cháinaisnéis 2012 le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain 5 Nollaig ó 3.00 pm, agus Dé Máirt 6 Nollaig ó 4.15 pm.

Full budget coverage on RTÉ Raidió na Gaeltachta Monday 5 Dec from 3pm and Tues 6 Dec from 4.15 pm.

Seoladh Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy 2011

Seolfar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy ar Rónán Beo @3 Dé Máirt 29 Samhain, agus beidh Altan, Steve Cooney, Breandán Begley, Fidil agus Mairéad agus Tríona Ní Dhomhnaill le cloisteáil ar an gclár. Fáilte roimh an bpobal ó 2.30pm

The Frankie Kennedy Winter School will be officially launched on Rónán Beo @3 on Tues 29 Nov.

Leascheannaire nua ar Raidió na Gaeltachta

Tá sé fógraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil Rónán Mac Con Iomaire ceaptha ina Leascheannaire ar an tseirbhís.

Rónán Mac Con Iomaire has been appointed Leascheannaire, Deputy Head, of RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Oireachtas 2011

Beidh muid ag craoladh beo ó Oireachtas 2011 i gCill Airne ón Déardaoin go dtí an Domhnach. Is féidir gach eolas faoi na cláracha, agus an craoladh beo ar an idirlíon, a fheiceáil anseo.

We will be broadcasting live from the Oireachtas 2011 in Killarney from Thursday to Sunday, you can get all info and see our live webcasts here.

Toghchán na hUachtaránachta

Beidh clúdach cuimsithe ar Raidió na Gaeltachta Dé hAoine agus Dé Sathairn ar thorthaí thoghchán na huachtaránachta, fothoghchán BhÁC agus an dá reifreann.

There will be comprehensive coverage on RnaG on Fri and Sat of results of the presidential election, byelection and referenda.

Seinnteoir Raidió RTÉ

Tá Seinnteoir Raidió RTÉ seolta an tseachtain seo, agus beidh sé i bhfad níos éasca feasta éisteacht siar le cláracha Raidió na Gaeltachta.

RTÉ Radio Player has been launched this week.

Seachtain Mhór Cheoil RTÉ 2011

Beidh Seachtain Mhór Cheoil RTÉ ar siúl ó 10-16 Deireadh Fómhair, agus beidh neart cláracha speisialta ag Raidió na Gaeltachta mar chuid dhó.

RTÉ Big Music Week runs from 10-16 October, and Raidió na Gaeltachta will be broadcasting a host of special programmes as part of it.

Seán Ó Riada 1931-1971

Táthar ag comóradh 40 bliain i mbliana ó cailleadh Seán Ó Riada, agus craolfar sraith nua cláracha a dhéanfaidh comóradh ar a shaol agus a shaothair maidineacha Domhnaigh.

A new series celebrating the life and work of Seán Ó Riada begins on Sunday mornings in October.

Bonn Óir Sheáin Uí Riada

Tá fáilte anois roimh iarrachtaí ó cheoltóirí ar an bhfeadóg mhór agus ar an bhfeadóg stáin a bhfuil spéis acu cur isteach ar an gcomórtas ceoil atá á reáchtáil ag Peadar Ó Riada ar a chlár Cuireadh chun Ceoil ar RnaG don dara bhliain as a chéile.

RTÉ Raidió na Gaeltachta presenter, musician and composer Peadar Ó Riada has initiated the second year of the music competition on his radio programme Cuireadh chun Ceoil which is open this year to flute and whistle players.

Sceideal an Fhómhair

Cuirfear tús le sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain 5 Meán Fómhair. Mar is iondúil, beidh rogha leathan cláracha le cloisteáil, agus fillfidh cuid de na láithreoirí nach raibh le cloisteáil an oiread sin i rith an tsamhraidh ar na aerthonnta arís.

A new season of programmes kicks off on RTÉ Raidió na Gaeltachta on Monday 5 September.

Iarla Ó Lionaird

Ar An Chaint sa Chathair Dé Céadaoin 31 Lúnasa beidh Cathal Póirtéir i mbun comhrá le hIarla Ó Lionaird, an t-ámhránaí clúiteach as Cúil Aodha i gCorcaigh.

Iarla Ó Lionaird will be interviewed about his new album Foxlight on An Chaint sa Chathair Wed 31 August.

Fleadh Cheoil na hÉireann 2011

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mbaile an Chabháin arís i mbliana ó 13-22 Lúnasa, agus mar is iondúil beidh Raidió na Gaeltachta ansin i lár an aonaigh. Beidh eagrán speisialta den chlár Ceol Binn ó na Beanna le cloisteáil Dé Máirt freisin, ag ceiliúradh 60 bliain an Chomhaltais.

We will be broadcasting live from the Fleadh Cheoil in Cavan, as we do every year.

Fógra Nua Teilifíse RnaG

Dé Céadaoin 27 Iúil an chéad uair a mbeidh deis ag daoine fógra nua teilifíse RnaG a fheiceáil. Beidh an fógra á thaispeáint ar RTÉ One agus Two. Tá breis físeán den méid a bhí ag tarlú ar chúl an cheamara chomh maith.

RnaG's new TV promo will be broadcast for the first time on Wed 27 July. We also have 3 behind the camera videos.

Luach €20,000 sparántachtaí do Cheoltóirí

Tá Raidió RTÉ, i gcomhar le RAAP ag tairiscint ceithre sparántacht arbh fhiú €5000 an ceann iad do cheoltóirí.

RTÉ Radio in association with RAAP is offering emerging musical performers the opportunity to kick-start their careers by winning one of 4 €5000 bursaries.

RnaG Beo ag Rásaí na Gaillimhe

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ó Rásaí na Gaillimhe i mBaile an Bhriota Dé Céadaoin agus Déardaoin, le Ciarán Ó Fátharta, Seán Bán Breathnach agus Eibhlín Ní Chonghaile.

Join RnaG live from Galway Races on Wednesday and Thursday - tips, race commentary, fashion and more!

Gradam na Meán d'fhoireann an deiscirt

Bronnadh Gradam na Meán 2011 ag Seó Talmhaíochta Chiarraí Thiar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Comhghairdeas le foireann Bhóthar na Léinsí.

Lá Spraoi i nGleann Cholm Cille

Beidh fógra nua teilfíse RTÉ Raidió na Gaeltachta á thaifeadadh i nGleann Cholm Cille Déardaoin 30 Meitheamh. Tá lá mór spraoi geallta, agus tá súil againn go dtiocfaidh pobal an cheantair amach ina sluaite le sult a bhaint as imeachtaí an lae.

Excitement is building in Gleann Cholm Cille in anticipation of the Big Day Out on Thursday 30 June when RTÉ Raidió na Gaeltachta will take over the area for the day to film a new TV promo featuring RnaG presenters, together with the local community.

Scoil Samhraidh Willie Clancy 2011

Tá tús mhí Iúil buailte linn agus beidh RnaG i Sráid na Cathrach i gCo. an Chláir do Scoil Samhraidh Willie Clancy ó 4-8 Iúil. Beidh SBB sa chathaoir gach iarnóin ag 2pm le SBB i Sráid na Cathrach, agus beidh Neansaí Ní Choisdealbha ar an stiúir Dé Máirt agus Déardaoin do Cheol Binn ó na Beanna ag 7pm.

RTÉ Raidió na Gaeltachta will be at the Willie Clancy Summer School from 4-8 July to broadcast some of the many wonderful musical moments of the week. Join SBB Monday to Friday 2pm for SBB i Sráid na Cathrach, and Neansaí Ní Choisdealbha at 7pm on Tuesday and Thursday for the best in trad music on Ceol Binn ó na Beanna.

Tá siad ag teacht - go Gleann Cholm Cille

Is i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall a dhéanfar an fógra nua teilifíse do Raidió na Gaeltachta a thaifeadadh ag deireadh mhí an Mheithimh agus beidh éisteachtaí ar siúl 11 Meitheamh dóibh siúd a mbeadh spéis acu a bheith páirteach ann.

Gleann Cholm Cille has been chosen as the location for the recording of our upcoming TV promo.

Comórtas Peile na Gaeltachta 2011

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl ar an Fhál Carrach i nDún na nGall ag an deireadh seachtaine, agus beidh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ann ar feadh an deireadh seachtaine.

Comórtas Peile na Gaeltachta takes place in Donegal this weekend and Raidió na Gaeltachta will be broadcasting from there all weekend.

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2011

Bronnadh an duais do Phearsa Raidió na Bliana ar Eibhlín Ní Chonghaile ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais Dé hAoine, agus is é an clár Rónán Beo @3 a thug leo an duais do Shraith Raidió na Bliana don dara bhliain as a chéile.

RTÉ Raidió na Gaeltacht brought home both awards in the radio category from the Oireachtas Media Awards, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais.

Toghchán an Tuaiscirt

Dé hAoine 6 Bealtaine a dhéanfar na vótaí a caitheadh i dtoghchán Chomhthionól an Tuaiscirt a chomhaireamh agus craolfar Adhmhaidin agus an clár Lá an Chomhairimh beo as Béal Feirste.

Votes cast in the Northern Ireland Assembly elections will be counted on Fri 6 May and Adhmhaidin and Lá an Chomhairimh will be broadcast live from Belfast.

Tá siad ag teacht ...

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag taifeadadh fógra nua teilifíse - an chéad cheann le fada an lá - ag deireadh mhí an Mheithimh agus tá muid ag iarraidh an baile Gaeltachta is fearr in Éirinn a aimsiú leis an fógra a thaifeadadh ann.

An Taobh Tuathail 12 bliain ar an aer

Tá An Taobh Tuathail ag ceiliúradh 12 bliain ar an aer an tseachtain seo, agus leis an ócáid a cheiliúradh beidh dhá chlár speisialta covers ann Dé Luain agus Dé Máirt 2 agus 3 Bealtaine.

An Taobh Tuathail celebrates 12 years on the air this week with 2 special covers programmes on Monday 2 and Tuesday 3 May.

Dara Beag Ó Fátharta

Dé Luain 2 Bealtaine craolfar agallamh leis an bhfile Dara Beag Ó Fátharta as Inis Meáin.

On Monday 2 May listeners can hear an interview with Inis Meáin poet Dara Beag Ó Fátharta.

Adhmhaidin 25 Bliain ar an aer

Tá Adhmhaidin ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer ar Luan Cásca.

Adhmhaidin is celebrating 25 years on air on Easter Monday.

Cláracha Luan Cásca

Tuilleadh eolais faoi chuid de na cláracha speisialta a bheidh le cloisteáil ar Luan Cásca ar Raidió na Gaeltachta.

Some of the special programmes that can be heard on Raidió na Gaeltachta on Easter Monday.

RnaG Stáisiún na Bliana + Rónán Pearsa Raidió na Bliana

Tá an gradam do Stáisiún Raidió na Bliana buaite ag Raidió na Gaeltachta ag Féile na Meán Ceilteach, agus ss é Rónán Mac Aodha Bhuí a bhain gradam Pearsa Raidió na Bliana.

RTÉ Raidió na Gaeltachta named Radio Station of the Year, and Rónán Mac Aodha Bhuí wins Radio Personality of the Year at Celtic Media Festival.

Ioscaid - Buaieoirí 2010

Siansa Gael Linn 2011

Beidh Craobh Siansa Gael Linn 2011 ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach 10 Aibreán, agus beidh an cheolchoirm le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 7.30 pm.

The Siansa Gael Linn 2011 traditional music final will be broadcast live from the National Concert Hall in Dublin on Sunday 10 April at 7.30 pm.

Féasta Ceoil an Earraigh 2011

Coirm cheoil mhór a reáchtáladh mar chuid den lá náisiúnta ceoil, Love:Live Music. Ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí agus filí den chéad scoth a bhí le cloisteáil ar an oíche.

The best in music, song, dance and poetry broadcast live from The Forge in Moycullen for national music day Love:Live Music.

Sláinte Mhaith

Tá tús curtha le sraith nua faoi chúrsaí sláinte ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Sláinte Mhaith, a bhíonn le cloisteáil maidin Dé Sathairn 9.30 am, agus tráthnóna ag 6.30 pm.

An Seisiún Acústach

Is é Fiach, amhránaí ó Bhaile Átha Cliath, a bheidh le cloisteáil ar an gclár An Seisiún Acústach Dé Sathairn 19 Márta 11 pm.

Nótaí Ceoil le Fiachna Ó Braonáin

Is í Aoibhinn Ní Shúilleabháin a bheidh le cloisteáil ar an gclár nua Nótaí Ceoil le Fiachna Ó Braonáin Dé hAoine 18 Márta ag 9pm.

Aoibhinn Ní Shúilleabháin will be the guest on new progamme Nótaí Ceoil le Fiachna Ó Braonáin on Friday 18 March 9pm.

Lá an Chomhairimh

Beidh an clár Lá an Chomhairimh ar an aer Dé Sathairn ó 10 am go dtí deireanach istoíche agus foireann an chláir ag coinneáil súil ghéar ar thorthaí an olltoghcháin, agus ar na himpleachtaí a bheidh acu don tír.

On Saturday 26 February Lá an Chomhairimh will be on air from 10 am until late into the night, keeping an eye on the results of the election as the votes are counted.

Tarraingtí do Chraobhacha Peile na Gaillimhe

Craolfar na tarraingtí do Chraobhacha Peile na Gaillimhe beo Dé Luain 28 Feabhra ag 8.30 pm.

The draws for the Galway Football Championships can be heard live on RTÉ Raidió na Gaeltachta from 8.30 pm.

An Seisiún Acústach

Dé Sathairn 19 Feabhra craolfar an dara clár sa tsraith nua An Seisiún Acústach a bhíonn á chur i láthair ag Cathal Ó Cuaig, agus is é Pearse McLoughlin as Sligeach a bheidh le cloisteáil air.

An Taobh Tuathail Vol IV

Tá an ceathrú cnuasach ceoil ón Taobh Tuathail curtha le chéile ag láithreoir an chláir Cian Ó Cíobháin. agus tá sé ar fáil anois mar phodchraoladh saor in aisce anseo.

The fourth anthology of music from An Taobh Tuathail, An Taobh Tuathail Vol IV is now available to download as a free podcast here.

Féile na Meán Ceilteach 2011

Tá an gearrliosta d'Fhéile na Meán Ceilteach fógraithe, agus tá Raidió na Gaeltachta ainmnithe ar an liosta do Stáisiún Raidió na Bliana. Tá Rónán Mac Aodha Bhuí ar an liosta do Phearsa Raidió na Bliana, agus tá an Athrú Saoil - An tSiúr Mairéad Mic Dhonnchadha ar an ngearrliosta do chláracha faisnéise.

RTÉ Raidió na Gaeltachta has been shortlisted for radio station of the year at the Celtic Media Festival, and Rónán Mac Aodha Bhuí has been named on list for Personality of Year.

Éist linn ar d'iphone!

Den chéad uair ariamh tá iphone app ann anois a ligeann d'éisteoirí RnaG éisteacht ar an iphone, RTÉ Radio Pocket Player

RTÉ has created a new iphone app, RTÉ Radio Pocket Player, which allows users to listen to all RTÉ Radio services on their iphone.

Fleadh Cheoil na hÉireann 2010

I mbliana beidh an 60ú Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mbaile an Chabháin agus beidh Barrscéalta (Dé hAoine) agus SBB ag Fleadh Cheoil na hÉireann (Dé Sathairn) ag teacht beo ó chroílár an bhaile.

Cavan is hosting this year's Fleadh Cheoil, the 60th Fleadh and one that promises to be one of the biggest and best Fleadhs of all time, and Barrscéalta (Friday) and SBB at Fleadh Cheoil na hÉireann (Sat) will be broadcast live from there.

Iris Aniar ón Ionad Tacaíochta Teaghlaigh

Craoladh Iris Aniar ón Ionad Tacaíochta Teaghlaigh sna hAille in Indreabhán Dé hAoine 6 Lúnasa agus rinneadh an tarraingt do dhuaiseanna €20,000 ar an gclár.

Iris Aniar was broadcast live from the Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Aille, Indreabhán Fri 6 August.

Comórtas Fidle ar Cuireadh chun Ceoil

Tá tús curtha ag Peadar Ó Riada le comórtas fidle ar a chlár Cuireadh chun Ceoil.

RTÉ Raidió na Gaeltachta presenter Peadar Ó Riada has initiated a competition on his radio programme Cuireadh chun Ceoil to find the best fiddler in the world.

Curiarracht Domhanda Scoil Acla

Ar 31 Iúil thug muintir Acla faoi Churiarracht Domhanda nuair a bhailigh 1015 duine ar Thrá an Chaoil in Acaill le Fáinne Geal an Lae a chasadh ar fheadóga stáin.

A world record attempt in Achill on 31 July - 1015 tin whistle players!

Gradam Saoil do Mhícheál Ó Sé

Is ar Mhícheál Ó Sé, iar-thráchtaire agus láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhronnfar Gradam Saoil McNamee i mbliana ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn.

Mícheál Ó Sé, former presenter and commentator with RTÉ Raidió na Gaeltachta, is to be awarded the McNamee Hall of Fame Award on Saturday at an event in Croke Park.

Scoil Samhraidh Willie Clancy

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy ó Luan go hAoine.
RTÉ Raidió na Gaeltachta will be broadcasting live from the Willie Clancy Summer School all this week.

Comhairle Nua fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá Comhairle nua fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Naonúr uilig atá ar an gComhairle nua faoi chathaoirleacht Anna Ní Ghallchóir. Is as Oileán Árainn Mhóir i dTír Chonaill d'Anna ó dhúchas agus tá sí ina stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann Má Nuad.

Sceideal an tSamhraidh

Tá tús curtha le sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus deireadh tagtha le roinnt cláracha go dtí an fhómhair, agus tús curtha le sraitheanna nua.

The summer schedule has started on RTÉ Raidió na Gaeltachta, bringing several new programmes.

Comórtas Peile na Gaeltachta 2010

Beidh foireann spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tabhairt a n-aghaidh ar Bhéal an Mhuirthead i Maigh Eo do chomórtas Peile na Gaeltachta ó 5-7 Meitheamh.

Máirín Ní Ghadhra ar an ngearrliosta do Dhuais Iriseoireachta Pharlaimint na hEorpa

Is í Máirín Ní Ghadhra, iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, atá ainmnithe mar ionadaí na hÉireann do Dhuais Iriseoireachta Pharlaimint na hEorpa 2010.

Máirín Ní Ghadhra has been selected as this year's Irish nominee for the European Parliament's Prize for Journalism.

Féile na Meán Ceilteach 2010

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ainmnithe ar an ngearrliosta do Stáisiún Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach, agus tá Rónán Mac Aodha Bhuí ainmnithe ar an ngearrliosta do Phearsa Raidió na Bliana.

RTÉ Raidió na Gaeltachta has been shortlisted for radio station of the year at the Celtic Media Festival, and Rónán Mac Aodha Bhuí has been named on list for Personality of Year.

Sceideal an fhómhair 2009

Cuirfear tús le sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar 7 Meán Fómhair

A new schedule starts on RTÉ Raidió na Gaeltachta on 7 September.

Diarmaid Ó hAinifidh + Peadar Mac an Iomaire, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Bonn Óir RTÉ Raidió na Gaeltachta

Bhronn Stiúrthóir Cláir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Seán Ó hÉanaigh, Bonn Óir RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Dhiarmaid Ó hAinifidh ag ócáid i gceanncheathrú na seirbhíse i gCasla Dé hAoine, 14 Lúnasa 2009.

Diarmaid Ó hAinifidh was presented with the RTÉ Raidió na Gaeltachta gold medal on 14 August.

Frances Nic Géadaigh

Imircigh Thír Chonaill i nGlaschú

Tá stair shóisialta Thír Chonaill agus na hAlban fite fuaite ina chéile agus traidisiún láidir imirce idir an dá áit agus le déanaí seoladh scannán faisnéise nua faoi shaol na n-imirceach as Gaeltacht Thír Chonaill atá ag cur fúthu i nGlaschú.

RnaG Beo ag Rásaí na Gaillimhe

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ó Rásaí na Gaillimhe i mBaile an Bhriota Dé Céadaoin agus Déardaoin i mbliana. Is é Seán Bán Breathnach a chuirfidh an clár i láthair.

Lá Fhéile Mhic Dara 16 Iúil

Is é Déardaoin 16 Iúil Féile Mhic Dara, agus craolfar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ó chéibh an Mhása i gCarna an mhaidin sin, áit a mbeidh daoine ag fanacht le dul isteach ar Oileán Mhic Dara.

Parlaimint na hEorpa - Téarma Nua

Tiocfaidh an 736 Feisire Eorpach a toghadh an mhí seo caite le chéile den chéad uair inniu, 14 Iúil, agus sa gclár seo labhrann Máirín Ní Ghadhra le feisirí de chuid na hÉireann faoin méid a bhfuil siad ag súil leis ón tréimhse parlaiminte seo.

Ceoltóirí óga ag feitheamh taobh amuigh den ródaí roimh dhul ar an aer. Pic: Tony Kearns

Scoil Samhraidh Willie Clancy

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy.
RTÉ Raidió na Gaeltachta will be broadcasting live from the Willie Clancy Summer School.

Gearóid Mac DOnncha

Gearóid Mac Donncha - Iriseoir Gaeilge na Bliana, 2009

Tá Gearóid Mac Donncha ainmnithe ar Iriseoir Gaeilge na Bliana ag Duaiseanna Náisiúnta na Meán 2009.

RTÉ Raidió na Gaeltachta presenter Gearóid Mac Donncha has been named Irish Language Journalist of the Year.

Comórtas Peile na Gaeltachta 2009

Crolafar Comórtas Peile na Gaeltachta beo as Ros Muc ar RTÉ Raidió na Gaeltachta deireadh seachtaine na Cincíse.

Rás Volvo 2009

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón Rás Volvo i lár chathair na dTreabh Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin.
RTÉ Raidió na Gaeltachta will be broadcasting live from the Volvo Ocean Race in Galway on Monday, Tuesday and Wednesday.

Seán Bán Breathnach

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2009

Tá trí dhuais buaite ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2009. Bhuaigh Adhmhaidin an gradam don chlár raidió is fearr, bhuaigh Rónán Mac Aodh Bhuí an duais do Phearsa Raidió na Bliana, agus b'ar SBB a bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais.

Togra Podchraoltaí an SLSS

Seoladh an togra nua Podchraoltaí beo ar an aer ar Céim ar Chéim Déardaoin 14 Bealtaine. Togra de chuid an SLSS i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta atá i gceist, a bhaineann úsáid as oidchraoltaí na seirbhíse mar ábhar tacaíochta do mhúinteoirí meánscoile Gaeilge.

Ceara Conway

Ealaíontóir Cónaitheach RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá Ceara Conway ceaptha ina healaíontóir cónaithe le RTÉ Raidió na Gaeltachta, i gcomhar le hEalaíon na Gaeltachta. Beidh sí ag obair ar phíosa ealaíne idir seo agus lár an tsamhraidh nó mar sin.

Jó Ní Chéide le daltaí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair

Gradam Clár Raidió Gael Linn 2009

Fógraíodh ar an i-Club ar 1 Bealtaine gurb iad Pobalscoil Ghaoth Dobhair buaiteoirí chomórtas clár raidió Gael Linn 2009, urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Corn Uí Riada - Buaiteoirí 1972-2007

I 2008, d'eisigh Cló Iar-Chonnachta, i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta, an dlúthdhiosca dúbailte Corn Uí Riada, Buaiteoirí 1972-2007.