RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Úlla Bácáilte Forlíonta
Comhábhair:
4 úlla móra
2-3 spúnóg bhoird sultanas nó rísíní
1 spúnóg bhoird siúcra donn órga nó 1-2 spúnóg bhoird meala
0.5 taespúnóg spíosraí measctha
0.5 taespúnóg cainéil (Cinnamon)
Cúpla clóibhín más mian leat (nó púdar clóibhíní)
Modh:
1. Measc na comhábhair don bhforlíonadh le chéile.
2. Tóg amach croí nó lár an úill agus déan spás deas mór.
3. Gearr an craiceann go cúramach timpeall lár na n-úll.
4 Socraigh na h-úlla i mias oigheann-dhianach gréisithe. Líon leis an meascán agus doire braon beag uisce isteach sa mhias. (2-3 spúnóg bhoird)
5. Bácáil in oigheann réamh-théite 160C/325F/Gás3 ar feadh thart ar 45 nóiméad nó go mbíonn siad bog ach gan a bheith ró-bhog. 6. Doirt an sú anuas orthu dhá gcur chun boird.
Nóta breise:
Úsáid mionra milis - as crúsca - más mian.
- NOW: Scoth na hAoine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






