RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Uibheach Forlíonta
Comhábhair
4-6 ubh cruabhruite
1 spúnóg bhoird maonáise
1 spúnóg bhoird uachtair nó iógairt
pinse púdar curaí (roghnach)
pinse salainn agus piobair
Maisiú más mian leat - ceann acu seo a leanas le Peirsil nó síobhas (chives):
1 slis bradáin deataithe nó
Cúpla clocháin as stáin nó
Cúpla tráta silín (cherry tomatoes)
An Modh
1. Bain na blaoscanna de na huibheacha agus gearr ina dhá leathan ar a bhfad.
2. Tóg amach na buíocáin go cúramach, cuir i mbabhla agus measc leo an maonáis, an t-uachtar, púdar curaí, salann agus piobar agus measc go maith le chéile.
3. Líon gach gealacán uibhe leis an bhforlíonadh seo agus maisigh le do mhian féin - bradán, clocháin nó síobhas.
Nóta:
Cuir chun boird le leitís agus scónaí nó arán cáise i gcóir lón blasta.
- NOW: Scoth na hAoine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






