RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Toghchán na hUachtaránachta
Lá an Chomhairimh Dé hAoine 28 D Fómhair ó 1.30 pm
Lá an Chomhairimh Dé Sathairn 29 D Fómhair ó 11 am
Beidh na vótaí sa toghchán don naoú huachtarán ar Éirinn á gcomhaireamh Dé hAoine, agus Dé hAoine chomh maith a thoghfar an té a thógfaidh suíochán Bhrian Lenihan, nach maireann, i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Beidh tuairisceoirí ag Raidió na Gaeltachta sna hionaid chomhairimh san ardchathair agus sna ceantair Ghaeltachta, agus coinneoidh siad eolas le héisteoirí ar chláracha na seirbhíse ar feadh na maidine.
Ag 1.30 pm Dé hAoine craolfar an clár Lá an Chomhairimh.
Beidh painéal saineolaithe sa stiúideo - ina measc Gearóid Ó Tuathail, Seán Ó Tuairisg, Eoin Ó Murchú, Ite Ní Chionaith agus Niall Ó Dochartaigh - faoi chathaoirleacht Mháirín Ní Ghadhra, agus déanfaidh siad measúnú agus anailís ar an méid atá ag titim amach sna hionaid chomhairimh. Coinneofar súil ar leith ar na dáilcheantair Ghaeltachta le léargas a fháil ar a rogha siúd don Áras. Cloisfimid léamh an Eagraí Polaitíochta, Beirní Ní Chuinn, ar thorthaí an lae chomh maith.
Dé Sathairn a dhéanfar na vótaí a caitheadh sa dá reifreann a chomhaireamh, agus beidh an clár Lá an Chomhairimh ar an aer Dé Sathairn ón 11 am.
On Friday 28 Oct the votes cast in the Presidential election will be counted, and RnaG will have reporters in count centres in Dublin and in the Gaeltacht centres who will keep listeners informed of developments throughout the morning.
Then at 1.30 pm Lá an Chomhairimh will begin, with Máirín Ní Ghadhra chairing a panel of experts in studio - Gearóid Ó Tuathaigh, Seán Ó Tuairisg and Eoin Ó Murchú, Ite Ní Chionnaith agus Niall Ó Dochartaigh - who will analyse the results of the election.
On Saturday the programme Lá an Chomhairimh will begin broadcasting at 11 am, focusing on the results of the two referendums.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






