RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Toghchán an Tuaiscirt
Dé hAoine 6 Bealtaine a dhéanfar na vótaí a caitheadh i dtoghchán Chomhthionól an Tuaiscirt a chomhaireamh, agus beidh Adhmhaidin á chraoladh ó Bhéal Feirste, á chur i láthair ag Gearóid Mac Donncha.
Ar an gclár Lá an Chomhairimh a bheidh á chraoladh ó Bhéal Feirste ó mheánlae, déanfaidh painéal saineolaithe plé agus anailís ar thorthaí an toghcháin.
Orthu siúd a bheidh ar an bpainéal beidh Póilín Ní Chiaráin, Ian Malcolm, Eoin Ó Néill agus Robert McMillen. Beidh tuairisceoirí sna hionaid chomhairimh ar fud an cheantair, agus coinneoidh siad eolas leis an bpainéal maidir leis na torthaí i rith an lae.
Is í Máirín Ní Ghadhra a bheidh ina cathaoirleach.
Craolfar an clár:
12.00pm - 2.00 pm, 3pm - 6pm, 7pm - 9pm.
Votes cast in the Northern Ireland Assembly elections will be counted on Fri 6 May and Adhmhaidin will be broadcast live from Belfast, presented by Gearóid Mac Donncha.
Following that, the programme Lá an Chomhairimh will feature a panel of experts, chaired by Máirín Ní Ghadhra, who will analyse and discuss the results of the Northern Ireland Assembly elections as they become known.
There will reporters in count centres throughout the region keeping listeners informed of the results as they are announced. Members of the panel will include Póilín Ní Chiaráin, Ian Malcolm, Eoin Ó Néill and Robert McMillen.
The programme will be broadcast:
12.00pm - 2.00 pm, 3pm - 6pm, 7pm - 9pm.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






