RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Tá siad ag teacht - go Gleann Cholm Cille
Is i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall a dhéanfar an fógra nua teilifíse do Raidió na Gaeltachta a thaifeadadh ag deireadh mhí an Mheithimh. Bhain an ceantar an comórtas a bhí á reáchtáil ag an stáisiún le suíomh a aimsiú leis an bhfógra nua a thaifeadadh ann.
Éisteachtaí
Tugtar cuireadh oscailte dóibh siúd a mbeadh spéis acu a bheith páirteach san fhógra theacht chuig éisteachtaí in Oideas Gael Dé Sathairn 11 Meitheamh ó 11 am - 5 pm, áit a mbeidh an stiúrthóir agus an léiritheoir ag súil le casadh le pobal na háite, agus le daoine ó cheantair eile go deimhin, a mbeadh spéis acu a bheith páirteach.
Beidh fáilte roimh ghach duine ní gá go mbeadh taithí aisteoireachta acu. Beidh ocht bpáirt le líonadh agus beidh íocaíocht bheag ag dul leo seo, agus beidh suas le 100 duine ag teastáil le hoibriú go deonach mar aisteoirí breise nó extras chomh maith.
Is iad na páirteanna atá le líonadh:
Imreoirí Peile
Teastaíonn triúr imreoir peile, ach beidh imreoirí eile agus lucht CLG ag teastáil mar aisteoirí breise chomh maith, mar sin má tá tú i do bhall de chumann áitiúil i nDún na nGall buail isteach chuig na héisteachtaí.
Damhsóirí Gaelacha
Teastaíonn damhsóir Gaelach amháin - cailín óg 7-12 bliain d'aois - ach arís beidh damhsóirí eile ag teastáil agus múinteoirí, mar sin ba bhreá linn casadh libh Dé Sathairn.
Leaid óg
Leaid óg amháin idir 16-21 bliain a mbeadh an-spéis aige i gceol.
Mná
Teastaíonn triúr ban sna caogaidí nó os a chionn ar maith leo a bheith ag comhrá is ag gáire!
Beidh neart aisteoirí sa bhreis ag teastáil chomh maith - lucht CLG, idir imreoirí agus lucht tacaíochta, múinteoirí, tuismitheoirí, damhsóirí .
Déardaoin 30 Meitheamh a dhéanfar an fógra a thaifeadadh, agus ar an lá sin beidh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ó Ghleann Cholm Cille agus beidh barbaiciú agus féasta beag le ceol agus spraoi do na mhuintir an cheantair.
___________________________________________________
Gleann Cholm Cille has been chosen as the winner in the competition run by RTÉ Raidió na Gaeltachta to find a location in which to record their upcoming TV promo. The promo will be shot on 30 June in the Gaeltacht town.
To celebrate the making of the promo, Raidió na Gaeltachta will take over Gleann Cholm Cille for the shoot day, with live transmissions, music, food and craic. The party will form the backdrop for the promo, and all are welcome on the day. Up to 100 people will be needed as volunteer extras on the day.
Casting
There will be an open casting on Saturday 11 June from 11 am - 5pm in Oideas Gael to find budding actors to take part in the promo along with Raidió na Gaeltachta presenters Seán Bán Breathnach, Rónán Mac Aodha Bhuí, Eibhlín Ní Chonghaile and Cian Ó Cíobháin.
The director and the producer of the promo will be in Gleann Cholm Cille on Saturday to find people for eight featured parts. They would also love to see anyone else who would like to volunteer as extras. The casting call is open to anyone from Gaeltacht areas, or Irish speakers, from all over the country, with no need for acting experience. Featured parts will receive a small gratuity, but all other parts will be on a voluntary basis.
The featured cast will include:
GAA Players
3 players to feature, but Raidió na Gaeltachta would like the whole local GAA club on board for the broader shoot too. So if you play for a local team, please come along.
Irish Dancers
One special girl to feature in the promo, probably 7 to 12 years old, but lots of other dancers and teachers will be needed too so RnaG would love to hear from local dancing schools.
Young Lad
A young guy, 16-21 years. If you look like you're into your music and a listener of Cian Ó Cíobháin's An Taobh Tuathail show, then get in touch.
Women
We want three women who love the chats! If you're over 50, with a good hearty laugh let's hear from you.
Up to 100 people to volunteer as extras - GAA club members, supporters, teachers, parents, dancers.
Má tá Gaeilge agat, beidh muid ag súil go mór le casadh leat in Oideas Gael Dé Sathairn.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






