RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Stair RTÉ Raidió na Gaeltachta
Bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta le seirbhís iomlán raidió a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre. Tháinig an stáisiún ar an aer den chéad uair ag 3pm, Domhnach Cásca, 2 Aibreán 1972.
Sna blianta tosaigh ní chraoltaí ach cúpla uair an chloig gach tráthnóna agus é sin féin sna ceantair Ghaeltachta amháin, ach de réir a chéile tháinig fás agus forbairt ar an gcraoladh agus ar réimse chláracha na seirbhíse.
Ón 1 Deireadh Fómhair 2001, tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh 24 uair an chloig in aghaidh an lae le raon leathan de chláracha nuachta agus cúrsaí reatha, irischláracha, cláracha ceoil de gach cineál, spórt, díospóireachtaí agus siamsaíocht.
De réir thorthaí suirbhé a d'fhógair an MRBI in Aibreán 2001, tá méadú beagnach 10% ar líon éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta sna ceantair Ghaeltachta. Tá sé ráite go soiléir ag pobal éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta sa suirbhé céanna gurb iad na príomhchúiseanna go n-éisteann siad leis an stáisiún ná cláracha ar ardchaighdeán a bheith á gcraoladh, seirbhís an-mhaith nuachta, an clúdach a dhéantar ar imeachtaí áitiúla agus cúrsaí ceoil, gan dabht. Deir siad freisin gur seirbhís éagsúil uilig í ó mheáin chumarsáide eile na tíre, a bhfuil a bhformhór dírithe ar Bhaile Átha Cliath.
Seoladh beoshruth RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an idirlíon i mí Bealtaine 2000 agus níl a fhios cén tóir atá ag éisteoirí thar lear ar an tseirbhís, ón Astráil go Meiriceá Thuaidh agus ó Mhoscó go dtí an Eastóin.
Tá cláir éagsúla ar fáil, ó thús na bliana, mar phodchraoladh. Is féidir teacht orthu ag http://www.rte.ie/radio/podcast/rnag.html
Bíonn fáil freisin ar 4 stáisiún raidió RTÉ ar chóras digiteach Sky faoin Music & Radio Category ar an Innéacs Teilifíse (Sky TV Guide Index). Tá fáil ar RTÉ, Raidió na Gaeltachta ag cainéal 0166.
Ag breathnú siar ar an 30 bliain agus os a chionn atá slánaithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, is féidir roinnt mhaith ceannródaíochta a shonrú -
- Tuairisceoirí nuachta ag an stáisiún ar fud an domhain
- Duaiseanna agus gradaim as scoth na craoltóireachta bainte amach ag baill foirne: Gradaim Jacobs, Gradaim Oireachtais, Gradaim ón bhFéile Cheilteach Scannán & Teilifíse
- Dlúthdhioscaí ceoil, litríochta &rl. foilsithe
- Tionscnamh sraith léachtaí
- An Ródaí - stiúideo taistil an stáisiúin
Sna mórcheantair Ghaeltachta atá stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta lonnaithe - Casla, Conamara; Doirí Beaga, Tír Chonaill agus Baile na nGall, Corca Dhuibhne. Chomh maith leo sin tá stiúideo agus foireann ag an tseirbhís i mBaile Átha Cliath (RTÉ) agus i gCaisleán a' Bharraigh, Maigh Eo.
Forbairt eile atá déanta le gairid ná nasc ISDN a bhunú sna pobail Ghaeltachta i Ráth Cairn na Mí, i bParóiste na Dromad, Uíbh Ráthach agus sa Rinn, Co. Phort Láirge. Baintear úsáid rialta freisin as stiúideonna RTÉ i gcathracha agus i mbailte móra na tíre, go háirithe Gaillimh, Luimneach, Béal Feirste, Sligeach, Port Láirge agus Doire.
Idir bhaill foirne, oibrithe ar conradh agus oibrithe páirtaimseartha, tá breis agus ochtó duine ag obair don stáisiún agus tá a bhformhór lonnaithe sa cheanncheathrú i gCasla.
Cuid de sheirbhís chraolta phoiblí RTÉ é Raidió na Gaeltachta agus is í an Ghaeilge teanga oibre agus teanga chraoltóireachta na seirbhíse.
- NOW: Fonn le Fonn
- NEXT: An Caifé Ceoil
Súil Siar




