RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Luach €20,000 sparántachtaí do Cheoltóirí

Tá Raidió RTÉ, i gcomhar le RAAP (Recorded Actors Artists & Performers), ag tairiscint ceithre sparántacht arbh fhiú €5000 an ceann iad do cheoltóirí atá ag tosú amach ina ngairm le deis a thabhairt dóibh dul chun cinn a dhéanamh.

Tá sparántacht €5000 le bronnadh acu ar dhuine amháin i ngach ceann de na réimsí seo a leannas: ceol clasaiceach, ceol rac/pop, ceol tíre, agus ceol tradisiúnta. Níl na spárantachtaí dírithe ar chumadóirí, ach orthu siúd a chuireann ceol agus amhráin i láthair an phobail, is cuma más iad a chum an ceol nó murab iad.

Má tá spéis agat a chur isteach ar sparántacht, is féidir breis eolais a fháil ag www.rte.ie/breakthrough. Caithfidh iarratais a bheith istigh faoin 26 Lúnasa. Ba cheart dóibh siúd atá ag cur isteach air taifeadadh 10 nóiméad (ar a mhéid)a uaslódáil chuig an suíomh idirlín, agus an fhoirm iarratais a líonadh amach.

Beidh buaiteoirí an chomórtais á bhfógairt le linn Sheachtain Mhór Cheoil RTÉ, a bheidh ar siúl ó 10-16 Deireadh Fómhair. Chomh maith leis an airgead, beidh deis ag na buaiteoirí chomh maith poiblíocht a fháil trína gcuid ceoil a bheith le cloisteáil ar cheithre stáisiún raidió FM RTÉ - Raidió na Gaeltachta, Lyric FM, Radio 1 agus 2fm.

Is éard a bheidh á lorg ag na moltóirí ceoltóirí agus amhránaithe a bhfuil scil acu sa cheol ach caithfidh, chomh maith, go mbeadh tóir ag an lucht éisteachta ar an gceol céanna.

Tá gach eolas le fáil ag www.rte.ie/breakthrough

_________________________________________________

RTÉ Radio in association with Recorded Actors Artists Performers (RAAP) is offering emerging musical performers the opportunity to kick-start their careers by winning part of a €20,000 bursary fund and having their music played across RTÉ Radio's four FM stations: RTÉ Radio 1, RTÉ 2fm, RTÉ lyric fm and RTÉ Raidió na Gaeltachta.

There are four genre categories, and a bursary of €5000 will be awarded in each one - Classical, pop/rock. country/roots and traditional Irish/folk.

Entries must be submitted to www.rte.ie/breakthrough by 26 August.

Further information available at www.rte.ie/breakthrough