RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Deochanna

Deoch Piorraí agus Banana

Comhábhair
2 Piorra aibí
1 Banana mór
5 spúnóg bhoird bhainne

Lachtaigh an t-iomlán i lachtóir, ól agus bí sláintiúil.

Deoch Paisiún Gorm (go maith ag ísliú cholesterol)

Comhábhair
175g/6 n-unsa sméara gorma (blueberries)
125g/4 unsa seadóige (grapefruit)
175g/6 n-unsa úill
1 orlach sinsear grátáilte
Braon - sú úill - dóthain chun deoch a dhéanamh

Lachtaigh an t-iomlán agus ól

Nóta:
Glanann an deoch seo na cuislí nó artairí.


Smoothie Banana/Fíon-chaora (grapes)

Comhábhair
2 banana
2 kiwi
10-16 fíonchaora gan síol
10 spúnóg bhoird sú úll

Measc an t-iomlán sa lachtóir

N.B. An deoch seo lán de bheta carotene, folic acid, vitamin B1, B3, B6, C agus E. freisin calcium, fosfur, sulfur agus magnéis.

Smoothie Anann agus Sú talún (Pineapple + Strawberries)

Comhábhair

leath-anann gearrtha go beag
10-12 sú talún
5 spúnóg bhoird iógart nádúrtha
8 spúnóg bhoird sú anann

Sláintiúil chun brí a thabhairt dhuit agus an-mhaith le do chraiceann.
Bia luach ard de beta carotene, folic acid, vitamíní B3 agus C. Calcium, sulfur, zinc, potasium.