RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Sláinte Mhaith

Dé Sathairn 9.30 am, athchraoladh 6.30 pm
slaintemhaithrnag@gmail.com

Deirtear gur fearr an tsláinte ná an táinte, agus Sláinte Mhaith an teideal atá ar shraith nua cláracha faoi chúrsaí sláinte a bheidh le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta as seo go dtí an samhradh.

Is iad Anna Ní Bhroin agus Aisling Heraughty foireann an chláir, agus gach seachtain díreoidh siad ar ábhar faoi leith a bhaineann le cúrsaí sláinte agus rachaidh siad i mbun cainte le comhairleoirí, le dochtúirí, agus leis an bpobal faoin ábhar sin.

Ar chuid de na hábhair a bheidh le cloisteáil sa tsraith seo beidh strus, alcól, fadhbanna boilg agus putóige, cnámha, iompar clainne, sláinte don aosach, meabhairshláinte, asma, fadhbanna meáchain, bia agus lipéidiú, agus tinnis chinn.

Lth idirlín an chláir / Programme webpage

Sláinte Mhaith is a new health series on RTÉ Raidió na Gaeltachta that will run until the summer.

Each week the programme team of Anna Ní Bhroin and Aisling Heraughty will focus on one aspect of health, and will speak to professionals working in that field, and to members of the public affected, about their experiences.

Some of the topics to be covered in this series are stress, alcohol, stomach and bowel problems, bones, pregnancy, mental health, weight problems, food and labelling, and headaches.