Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

20:00 - 21:00 Dé Domh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 21 Eanáir 2018

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain in Árainn Mhór i 1953 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach

Seanchas, scéalaíocht agus léargas ar oidhreacht na Gaeilge ar Radió Éireann ón chéad lá anall.

Siúlach Scéalach - Pádraig Mac Seáin, Teileann

Pádraig Mac Seáin ó Ghaeltacht Theilinn in Iar-Dheisceart Thír Chonaill ag déanamh cur síos ar an seanchai cáiliúil de chuid an cheantair Condaí Phroinseais Mac Cuinneagáin agus a chuid amhrán agus scéalta ina thaobh. Cúpla file eile luaite fosta. Seán Ó hEochaidh ag déanamh tagairt do Chondai Phroineais fosta.

Siúlach Scéalach - Pádraic Ó Raghallaigh

Pádraic Ó Raghallaigh ag léamh as an leabhar "Amhráin Ghrá Chúige Chonnachta" le Dubhghlas de hÍde "An Craoibhín Aoibhinn".

Siúlach Scéalach - Dinny Boyle ó Ghort a' Choice ag ceol.

Dinny Boyle (Donncha Ó Baoill) ó Ghort a ' Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall ag ceol cúpla amhrán do Chiarán Mac Mathúna sa bhliain 1957 i nGort a' Choirce. "Ceolann sé "Dúlamán na Binne Buí", "Thíos ag Teach a' Tórraimh" agus "Mo Chailín Rua"

Ceol ón gclár

Teideal: Planxty Davis

Ceoltóir(í): Nic Jones

Albam: Penguin Eggs / Topic / TSCD 411

Fad: 9:50

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís