Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

20:00 - 21:00 Dé Domh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 22 Deireadh Fómhair 2017

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain in Árainn Mhór i 1953 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach

Seanchas, scéalaíocht agus léargas ar oidhreacht na Gaeilge ar Radió Éireann ón chéad lá anall.

Siúlach Scéalach - Sairséal agus Dill

Mír fán chomhlucht foilsitheoireachta Sairséal agus Dill. Micheál Ó hUanacháin agus Pádraig Dolan i mbun láithrithe. Bríd Ní Mhaoileoin, Seán Ó hÉigeartaigh, Pádraig Ua Maoileoin, Seán Sheáin Uí Chearnaigh agus Mairtín Ó Direáin páirteach ann.

Siúlach Scéalach - Fadhbanna Gaeilge

Mír as an tsraith Fadhbanna gaeilge a phlé cúrsaí canúna, gramadaí agus eile a bhain leis an Ghaeilge. Tomás de Bhaldraithe a láithrigh agus Caitlín Maude, Donncha Ó Drisceoil agus Niall Ó Dónaill mar shaineolaithe.

Siúlach Scéalach - Gearóid Ó Laoi ó Uachtar Ard

Gearóid Ó Laoi ó Uachtar Ard, COnamara, ag caint le Ciarán Mac Mathúna sa bhliain 1959 fá cheoltóirí a raibh aithne aige orthu i Meiriceá agus Gaillimh.

Siúlach Scéalach - Gearóid Ó Laoi agus John D'Arcy

Gearóid Ó Laoi, fidil, agus John D'Arcy fideog mhór ag casadh ceoil do Chiarán mac Mathúna in Uachtar Ard s bhliain 1959.

Ceol ón gclár

Teideal: Planxty Davis

Ceoltóir(í): Nic Jones

Albam: Penguin Eggs / Topic / TSCD 411

Fad: 9:50

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís